Spriocdhíríonn grúpaí haiceálaithe cúise ar Éirinn mar chuid d’fheachtas réamhbheartaithe ar fud na mBallstát den Aontas Eorpach
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An 7 Meitheamh 2024, tháinig an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ar an eolas faoi shraith ionsaithe diúltaithe dháilte seirbhíse ísealtionchair a bhí spriocdhírithe ar roinnt suíomhanna gréasáin in Éirinn. Tá an ghníomhaíocht sin mar chuid de phatrún eachtraí ar fud an Aontais Eorpaigh, agus tá sí ag teacht lenar thit amach i mBallstáit eile den Aontas.
Tá an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ag obair leis na híospartaigh lena mbaineann chun comhairle agus treoir theicniúil a sholáthar agus chun an próiseas freagartha a chomhordú. Ba bheag tionchar a bhí ag na teagmhais sin, go háirithe mar gheall ar ullmhacht na n-íospartach.
CRÍOCH
Is é an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála an t-údarás cibearshlándála teicniúla sa Stát, agus é freagrach as mórtheagmhais chibearshlándála a bhainistiú. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, lena n-áirítear nuacht, comhairle agus treoirdhoiciméid, a fháil ar shuíomh gréasáin an Lárionaid.
Is é is aidhm d’ionsaí diúltaithe dháilte seirbhíse ná suíomh gréasáin nó seirbhís a bhá i rabharta tráchta Idirlín chun go mbeidh sé nó sí dorochtana go sealadach. Is ionsaithe ísealchostais ísealtionchair iad na hionsaithe sin de ghnáth, agus é mar aidhm leo aire a mhealladh seachas aon díobháil shuntasach a dhéanamh.