Déanfaidh an Rialtas comhurraíocht ar réiteach na Náisiún Aontaithe lena n-aithnítear ceart comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe a bheith ann
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an Rialtas go ndéanfaidh sé comhurraíocht ar réiteach i gComhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (UNHRC), lena n-aithnítear ceart comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe a bheith ann.
Glacadh an réiteach den chéad uair ag an 48ú seisiún de Chomhairle na NA um Chearta an Duine a bhí ar siúl ón 13 Meán Fómhair go dtí an 8 Deireadh Fómhair. Ag an seisiún seo, ba é an chéad uair a tugadh aitheantas soiléir sa réiteach do cheart an duine comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe a bheith acu.
Agus é ag fáiltiú roimh an gcinneadh, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, an méid seo a leanas:
"Agus an rialtas ag déanamh comhurraíocht ar an réiteach, ina n-aithnítear ceart an duine comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe a bheith ann, léirítear tacaíocht na hÉireann don aeráid a mhaolú agus a oiriúnú ar fud an domhain. Neartaíonn sé maolú agus oiriniú na haeráide anseo in Éirinn freisin. Rud atá intuigthe i gClár an Rialtais ná caighdeán ár gcomhshaoil a chinntiú.
"Tá sé tábhachtach an ceart bunúsach seo a aithint anois ach go háirithe. Tá aird an domhain dírithe ar ghníomhú ar son na haeráide mar is ceart, mar a fheicfimid i rith COP26 i nGlaschú go luath. Agus níos gaire dúinn in Éirinn, seolaimid an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 sna seachtainí atá romhainn. Leagfar amach sa phlean na bearta praiticiúla is gá dúinn a ghlacadh chun ár spriocanna aeráide féin a bhaint amach."
Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney TD, an tacaíocht atá aige don réiteach seo in iúl freisin:
"Tá mé sásta go bhfuil Éire ag tabhairt tacaíocht don réiteach seo. Cuireann ráiteas tábhachtach seo na gceart fuinneamh lenár n-iarrachtaí idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna práinneacha comhshaoil agus aeráide. Cuidíonn an réiteach seo leis na coinníollacha le haghaidh infheistíocht éifeachtach ranníocaíochtaí aeráide agus comhshaoil na hÉireann a neartú. Tugann na ranníocaíochtaí seo tacaíocht d'obair ríthábhachtach le haghaidh oiriúnaithe sna tíortha is mó atá thíos leis an ngéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta agus déanann siad cur chun cinn ar an obair."
CRÍOCH
Is comhlacht idir-rialtasach laistigh de chóras níos leithne na Náisiún Aontaithe é Comhairle na NA um Chearta an Duine, a ghlac an chéad réiteach thuasluaite. Tá an Chomhairle freagrach as cur chun cinn agus cosaint na gceart daonna ar fud na cruinne a neartú. Is féidir leis an gComhairle réitigh a ghlacadh mar thoradh ar chomhdhearcadh nó vóta ar taifead, agus comhaltaí den Chomhairle amháin atá i dteideal vóta a chaitheamh. Cé nach bhfuil Éire ina comhalta de UNHRC faoi láthair, is féidir léi a cuid tacaíochta le haghaidh tionscnamh a chur in iúl trí chomh-urraíocht. Cé nach bhfuil réitigh ó Chomhairle na gCeart Daonna ina gceangal dlí, meastar gur léiriú polaitiúil iad ar thuairimí a cuid Ballstát agus a stát breathnóra.
Is comh-urraitheoir traidisiúnta í Éire (le chéile le EU27) le haghaidh an réitigh UNHRC chomhthoiliúil a bhaineann le sainordú Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le ceist na n-oibleagáidí i leith chearta an duine, a bhaineann le comhshaol sábháilte, glan, sláintiúil agus inbhuanaithe. Ag HRC46 i mí an Mhárta seo caite, shínigh Éire Comhráiteas inar luadh an méid seo a leanas: “glaonna a mhéadú chun ceart den sórt sin a aithint [ceart comhshaoil shábháilte, ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe a bheith ann] ó Stáit, Ionadaithe NA, saineolaithe agus ón tsochaí shibhialta ” agus a bheith tiomanta do “dhialóg oscailte, thrédhearcach agus chuimsitheach a dhéanamh le gach Stát agus gach páirtí leasmhar maidir le haitheantas idirnáisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ann do chomhshaol sábhailte, glan, sláintiúil agus inbhuanaithe”.
Cé go raibh grúpaí na sochaí sibhialta go mór ar son an tsainordaithe seo ó bhí 2010 ann, tá an brú le bogadh thar an sainordú atá ann cheana ag méadú de réir a chéile (in Éirinn freisin). In 2020, shínigh breis agus 1,150 eagraíocht ó bhreis agus 100 tír litir lena ndearnadh achomharc chun Comhairle na gCeart Daonna chun an cheart comhshaoil shláintiúil a bheith ann a aithint gan mhoill.
Labhair an Rapóirtéir Speisialta amach freisin agus chuir sé in iúl don Aontas Eorpach an díomá atá air go raibh an tAontas Eorpach ina thost go dtí seo. Áitíonn sé go bhfuil bearna sna dlíthe idirnáisiúnta i leith Chearta an Duine, in ainneoin an ceart a bheith “aitheanta go forleathan ag leibhéal náisiúnta agus réigiúnach”. De réir an mheasúnaithe a rinne Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe, tá an ceart, nó gnéithe de, aitheanta cheana féin ag 156 as 193 Stát NA (Éire san áireamh), ina gcórais dlí náisiúnta. Cé nach bhfuil aon chomhsheasamh ag an Aontas Eorpach maidir le haitheantas, níor chuir aon Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh i gcoinne an réitigh. Faoin 19 Deireadh Fómhair, rinne 24 Ballstát den Aontas Eorpach comhurraíocht ar an réiteach: an Chróit, an Chipir, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, Lucsamburg, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhrainc, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Rómáin, an tSualainn, an Ísiltír, agus an Bheilg.