Seachtain na Lóistíochta 2025: Geilleagar Glas agus Digiteach na hÉireann a chur chun cinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
29 Eanáir, Baile Átha Cliath — Is cloch choirnéil den gheilleagar náisiúnta í earnáil lóistíochta agus slabhra soláthair na hÉireann. Tacaíonn sé le heaspórtálacha bliantúla dar luach EUR 196 bhilliún agus in 2023 láimhseáíl sé os cionn 47.5 milliún tona d’earraí trí chalafoirt na hÉireann. D’ainneoin an róil ríthábhachtach atá aici, tá ganntanas suntasach scileanna san earnáil, agus tá 31% de thiománaithe HGV 55 bliana d’aois nó níos sine. Freisin tá méadú ag teacht ar an éileamh ar shlabhra soláthair, ar scileanna glasa agus ar shaineolas digiteach.
Chun dul i ngleic leis na dúshláin seo agus chun na deiseanna spreagúla laistigh den earnáil a chur ar taispeáint, is cúis bhróid don Roinn Iompair Seachtain um Scileanna Lóistíochta agus Slabhra Soláthair 2025 a fhógairt, a bheidh ar siúl ó Dé Luan, 31 Márta go dtí Dé Sathairn, 5 Aibreán 2025. Sa tionscnamh forleitheadach seo, díreofar ar dheiseanna gairme, ar an nuálaíocht ghlas agus dhigiteach, agus ar cheannaireacht na hÉireann maidir le slabhraí soláthair inbhuanaithe athléimneacha a chruthú.
Ag tógáil ar an rath a bhain le seachtain scileanna na bliana seo caite, beidh meascán de ghníomhaíochtaí i láthair go pearsanta agus ar líne ar fud na tíre mar chuid d’imeacht 2025. I measc na mbuaicphointí beidh Expo Scileanna LogisTYcs do mhic léinn dara leibhéal, aonacha gairme earnáilsonracha, plé painéil saineolaithe, agus ceardlanna a dhíríonn ar scileanna glasa agus digiteacha ar nós an inbhuanaitheacht a leabú sa chéad ghlúin eile de shlabhraí soláthair, feidhmchláir phraiticiúla Intleacht Shaorga (IS) agus riachtanais scileanna amach anseo, agus an ról a bheidh ag lóistíocht agus slabhraí soláthair maidir le giniúint fuinnimh gaoithe a sholáthar — rudaí atá ríthábhachtach do spriocanna aeráide agus eacnamaíocha na hÉireann.
Dúirt An t-Aire Iompair, Darragh O’Brien:
“Tá an-áthas orm an tSeachtain Scileanna Lóistíochta agus Slabhra Soláthair 2025 a fheiceáil ag teacht chun cinn, rud a chuireann béim ar iomad na ndeiseanna spreagúla atá ar fáil laistigh den earnáil. Tugann an t-imeacht seo deis iontach do cheannairí tionscal bualadh le daoine cumasacha atá ag teacht chun inmhe, bíodh sé ag an Expo Scileanna LogisTYcs nó ag aonacha gairme. Ag an am céanna treisíonn sé an ról ríthábhachtach atá ag lóistíocht maidir le huaillmhianta aeráide agus eacnamaíocha na hÉireann a chur chun cinn.”
Dúirt Seán Canney, an tAire Stáit um Iompar Idirnáisiúnta agus Iompar de Bhóthar, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt:
"Deis iontach í an tSeachtain Scileanna Lóistíochta agus Slabhra Soláthair 2025 chun aird a tharraingt ar an ról ríthábhachtach atá ag an earnáil seo i ngeilleagar na hÉireann. Tá lóistíocht agus pleanáil iompair ríthábhachtach chun slabhraí soláthair athléimneacha a thógáil a thugann aghaidh ní hamháin ar dhúshláin an lae inniu ach a chuireann ar ár gcumas freastal ar éilimh a bheidh ann amach anseo agus fós tacú lenár spriocanna fadtéarmacha maidir le fás eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht ag an am céanna."
Dúirt Anna Gorecka, Bainisteoir Tionscadail Printíseachta ag Cumann Iompair Lasta na hÉireann:
“Tá ríméad orainn tacú le Seachtain Scileanna Lóistíochta agus Slabhra Soláthair 2025 chun aird a tharraingt ar na deiseanna iontacha atá san earnáil seo. Agus 170 cuideachta ag fostú printísigh lóistíochta i róil éagsúla, is léir go bhfuil oideachas agus oiliúint ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna atá romhainn. Le fócas na bliana seo ar an inbhuanaitheacht agus ar an gclaochlú digiteach, osclófar bealaí do dhaoine chun na scileanna is gá a fháil chun go mbeidh rath orthu i dtionscal atá ag síorathrú. Is cuma má tá tú ag cur tús le do ghairm nó ag iarraidh uas-sciliú a dhéanamh, tugann an earnáil lóistíochta an deis duit fíorthionchar a imirt ar gheilleagar na hÉireann agus ar an aistriú glas.”
Tugann an tseachtain scileanna seo deis uathúil do cheannairí Tionscail bualadh le tallann na hearnála amach anseo ag Expo Scileanna LogisTYcs agus ag aonacha gairme a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith. Tá Expo Scileanna LogisTYcs deartha go sonrach do dhaltaí Idirbhliana agus tá sé dírithe ar aithne agus eolas a chur ar fáil dóibh maidir le deiseanna oideachais agus gairme amach anseo laistigh den slabhra soláthair agus den earnáil lóistíochta. Léiríonn méadú 52 % ar chlárú san ardoideachais ar chúrsaí a bhaineann le lóistíocht ó 2019 go bhfuil spéis san earnáil ag fás. Mar sin féin, tá bearnaí fós sa lucht saothair i réimsí áirithe amhail bainistiú an tslabhra soláthair maraon le scileanna glasa agus saineolas digiteach, rud a fhágann go bhfuil an gá le tallann úr agus uasoiliúint níos práinní ná riamh.
Príomhphointí na hearnála:
• Tacaíonn earnáil lóistíochta na hÉireann le heaspórtálacha dar luach EUR 196 bhilliún in aghaidh na bliana.
• Chuaigh breis agus 47.5 milliún tona earraí trí chalafoirt na hÉireann in 2023.
• Fostaíonn 170 comhlacht printísigh lóistíochta faoi láthair.
Tá sé mar aidhm ag Seachtain Lóistíochta 2025 mic léinn, oibrithe gairmithe agus lucht athraithe gairme a spreagadh chun iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna fuinniúla laistigh de lóistíocht agus slabhraí soláthair. Le linn na Seachtaine Scileanna, cuirfear béim ar an éagsúlacht, ar an nuálaíocht ghlas agus ar an gclaochlú digiteach, agus léireofar an chaoi a bhfuil an earnáil ag forbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na todhchaí.
Chun sceideal iomlán na n-imeachtaí agus tuilleadh sonraí a fháil, tabhair cuairt ar gov.ie- Seachtain Scileanna Lóistíochta agus Slabhra Soláthair / visit gov.ie - Logistics and Supply Chain Skills Week agus lean #Seachtain Lóistíochta/#LogisticsWeek ar na meáin shóisialta chun nuashonruithe beo a fháil.
—DEIREADH —
Fiosruithe ó na meáin: déan teagmháil le:
• Ava Hollingsworth – ava@legacycommunications.ie
• James Elms – jamese@legacycommunications.ie
________________________________________
Nótaí don Eagarthóir
Maidir le hEarnáil na Lóistíochta agus an tSlabhra Soláthair
Feidhmíonn earnáil lóistíochta agus slabhra soláthair na hÉireann 24/7, ag tacú le gach earnáil den gheilleagar trí thrádáil idirnáisiúnta agus intíre a éascú. Baineann sé le gluaiseacht earraí de bhóthar, d’iarnród, ar muir agus san aer, chomh maith le bainistíocht oibríochtaí soláthair, éilimh agus dáilte.
Maidir leis an Imeacht
Is tionscnamh de chuid an Ghrúpa Scileanna Lóistíochta agus Slabhra Soláthair (LSCSG) í an tSeachtain Scileanna Lóistíochta agus Slabhra Soláthair, a bunaíodh in 2019 chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais scileanna na hearnála. Cuimsíonn an grúpa ionadaithe ón tionscal tarlaithe agus lóistíochta, soláthraithe oideachais, agus ranna rialtais, lena n-áirítear Iompar, Fiontar agus Cosaint Shóisialta.