Tá tús curtha le hearcú 128 éascaitheoir riachtanas cúraim interRAI ar fud FSS
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inné, chuir an tAire Stáit do Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Scothaosta, Mary Butler, fáilte roimh an tús le hearcú 128 éascaitheoir riachtanas cúraim interRAI. Cabhróidh sé seo le interRAI a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach agus náisiúnta, mar uirlis chaighdeánach measúnaithe do riachtanais chúraim.
Ag seoladh an phróisis earcaíochta, dúirt an tAire Butler:
“Tá an Rialtas meáite ar scéim reachtúil tacaíochta baile a thabhairt isteach. Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil 128 éascaitheoir riachtanas cúraim interRAI á n-earcú. Is céim shuntasach é seo i dtreo seirbhísí tacaíochta baile níos sábháilte, níos cothroime agus ar chaighdeán níos airde a chur ar fáil.
Mar thoradh ar rolladh amach interRAI ar fud Líonraí Sláinte Pobail (LSPanna) agus Foirne Speisialtóirí Pobail (FSPanna), déanfar measúnú caighdeánaithe do Ghairmithe Altranais, Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh agus iad ag measúnú riachtanais chúraim na gcliant. Cabhróidh sé le cur chuige caighdeánaithe a sheachadadh maidir le pleanáil chúraim, agus tacóidh sé leis an gcuspóir maidir le cúram a dhéanamh de chliaint sa phobal.
Comhlíonfaidh an t-Éascaitheoir Riachtanas Cúraim interRAI ról tábhachtach agus lárnach don interRAI laistigh de LSPanna agus FSPanna, agus éascóidh sé comhtháthú interRAI do gach ball foirne. Cuirfear tús le hearcú na bpost Éascaitheoir Riachtanas Cúraim, d’fhonn na poist a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh Ráithe 3, 2022.
CRÍOCH
Is líonra comhoibríoch neamhbhrabúis é InterRAI de thaighdeoirí agus cleachtóirí i mbreis agus 35 tír atá tiomanta do chúram a fheabhsú do dhaoine atá faoi mhíchumas nó atá faoi srianta ó thaobh leighis de. Tá os cionn fiche ionstraim measúnaithe san fhoireann chomhtháite interRAI. Cruthaíonn measúnuithe InterRAI taifid fadaimseartha atá dírithe ar an duine, ar féidir iad a fheiceáil, a thuiscint agus a úsáid beag beann ar an gcineál cúraim, rud a laghdaíonn dúbláil agus ilroinnt.
Tá an Rialtas tiomanta ar scéim tacaíochta baile reachtúil nua a bhunú. Soláthróidh an scéim nua rochtain chothrom agus thrédhearcach ar sheirbhísí ardchaighdeáin do dhaoine bunaithe ar a gcuid riachtanas cúraim measúnaithe. Mar chuid de seo tá scéim phíolótach tacaíochta baile ag baint úsáide as measúnuithe interRAI ar siúl i 4 limistéar phíolótacha (an Iarmhí Thoir in Eagraíocht Chúram Sláinte Pobail (ECSP) 8; Tuaim, Baile Átha an Rí agus Baile Locha Riach in ECSP 2; Droichead na Bandan, Cionn tSáile agus Carraig Uí Leighin in ECSP 4; agus Baile Formaid agus Baile Phámar in ECSP 7) Socrófar ón aschur chaighdeánaithe InterRAI, ord tosaíochta agus na leibhéil cúraim a theastaíonn.
Forbraíodh samhail oibríochta chuimsitheach, le haghaidh cur i bhfeidhm an interRAI ar bhonn céimneach, a éascóidh measúnú agus pleanáil éifeachtach, cothrom agus trédhearcach ar riachtanais chúraim agus seachadadh seirbhíse cuí. Beidh na haschuir interRAI agus measúnú na scéime píolótach ríthábhachtach d’fhorbairt na scéime nua tacaíochta baile seo.