Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 sínithe ag Uachtarán na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar lá stairiúil do phobal labhartha na Gaeilge agus do phobail na Gaeltachta, tá fáilte curtha ag tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., roimh an nuacht go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 sínithe ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn.
Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus aithnítear go foirleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Dála Catherine Martin:
“Fáiltím roimh an dea-scéala go bhfuil a lámh tugtha ag Uachtarán na hÉireann leis an Acht fíor-thábhachtach seo a chuireann le caighdeán na seirbhísí a bheidh ar fáil do shaoránaigh agus iad ag déanamh a gcuid gnó i nGaeilge leis an Stát.”
Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, an Teachta Dála Jack Chambers:
“Tá ré nua i ndán anois don chaidreamh idir phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus an tSeirbhís Phoiblí. Beidh mé ag dul i mbun oibre le teann dúthrachta le hoifigigh mo Roinne anois le feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe sa bhliain úr.”
Is iad príomh spriocanna an Achta seo 20% d’earcaithe nua don seirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030, go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus go ndéanfar Plean Náisiúnta do Sholáthar Sheirbhísí Phoiblí i nGaeilge a fhorbairt.
Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021: https://www.oireachtas.ie/ga/bills/bill/2002/24/
An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/an-straiteis-20-bliain-don-ghaeilge-2010-2030/
Plean Gníomhaíochta 2018-2022: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/