Foilsíonn an tAire Tuarascáil Dheiridh an Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue T.D., foilsiú na Tuarascála Deiridh de Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia. Bhunaigh an tAire McConalogue an Grúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia i mí Bealtaine 2023 faoi chathaoirleacht an Uasail Matt Dempsey le plean a leagan amach d’fhás agus d’fhorbairt na hearnála idir seo agus 2030.
Ag labhairt inniu, tar éis Tuarascáil an Ghrúpa Curaíochta a chur os comhair na Comh-Aireachta, dúirt an tAire McConalogue:
Cuirim fáilte roimh Thuarascáil Dheiridh an Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia. Is tuarascáil an-mhionsonraithe agus an-chuimsitheach í a aithníonn deiseanna a dhéanfaidh éifeachtúlacht agus iomaíochas fadtéarmach na hearnála a fheabhsú, chomh maith le bearta a chuirfidh ar chumas na hearnála a lorg ar an timpeallacht a fheabhsú.”
Liostaítear ocht mbeart is fiche sa Tuarascáil a thugann faoi roinnt príomhaidhmeanna lena n-áirítear an ceantar ina gcuirtear barra curaíochta a mhéadú chuig 400,000 heicteár, luach a chur le haschur barra curaíochta, éifeachtúlacht agus iomaíochas na hearnála a fheabhsú, lorg na hearnála ar an timpeallacht a fheabhsú, naisc níos fearr a dhéanamh chomh maith le comhar feabhsaithe le hearnáil an bheostoic agus deiseanna a thapú san fhuinneamh in-athnuaite agus sa churaíocht orgánach.
Bhí Matt Dempsey mar chathaoirleach ar an nGrúpa agus bhí ionadaithe sa Ghrúpa ó eagraíochtaí feirmeoireachta, páirtithe leasmhara sa tionscal curaíochta, gníomhaireachtaí stáit, COBÁC agus oifigigh Roinne. Chruinnigh an Grúpa le chéile dhá uair déag.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an nGrúpa as an obair a rinne siad leis an tuarascáil a chur le chéile le dhá mhí dhéag anuas. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Matt Dempsey as a chuid cathaoirleachta stuama ar an nGrúpa agus as an obair a thabhairt chun críche rathúil.’’
Tá an tAire tar éis cúram a chur ar a oifigigh plean a shocrú le maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá an-tábhacht ag baint le hearnáil curaíochta spleodrach inbhuanaithe a bheith ann, chun cur lenár seasmhacht bia daoine agus beatha ainmhithe, agus le cur lenár gcuspóirí athraithe aeráide ag an am céanna. Táim an-eolach ar na dúshláin atá roimh shaothróirí curaíochta i mbliana, agus mar fhreagra air sin an mhí seo caite d’fhógair mé mo ghealltanas chun íocaíocht de €100 in aghaidh an heicteáir a lorg do bharra páirce atá curtha d’fhómhar na bliana seo. Táim tiomanta don earnáil agus an tábhacht a bhaineann léi laistigh de thionscal níos leithne na talmhaíochta, agus ba mhaith liom bonn láidir a chur faoin earnáil don todhchaí.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá an tuairisc ar fáil anseo: