€500,000 á chur ar fáil ag an Aire Martin do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann chun saothar a cheannach don Bhailiúchán Náisiúnta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Martin inniu go bhfuil maoiniú caipitiúil €500,000 á chur ar fáil chun tacú le clár ceannachán 2020 Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. A bhuíochas den tacaíocht sin, bhí Gailearaí Náisiúnta na hÉireann roinnt saothar tábhachtach a cheannach don bhailiúchán náisiúnta, agus cinnteofar breis ceannachán sna seachtainí amach romhainn. Baineann na saothair sin le raon iomlán stoc an Ghailearaí san ealaín Éireannach agus idirnáisiúnta. Áirítear orthu seanmháistrí agus ealaín a cumadh le déanaí, agus ealaín i meáin éagsúla, lena n-áirítear grianghrafadóireacht, ar rud nua don Ghailearaí é.
I measc na gceannachán beidh:
• Juan Carreño de Miranda (Aviles 1614-1685 Madrid), The Adoration of the Magi, lár na 1660í, ola ar chanbhás;
• Dhá shaothar ó shraith Daphne Wright dar teideal Maple Road Sunflowers;
• Bailiúchán saothar le Jill Freedman (1939-2019);
• Féinphortráid le Imogen Stuart;
• Portrait of Samuel Beckett, 1961 le Reginald Gray.
Dúirt an tAire Martin, "Le linn na paindéime, lean mo Roinn agus na comhlachtaí agus tionscadail a fhaigheann tacaíocht uaithi de bheith ag oibriú ar bhealaí fuinniúla agus samhlaíocha. Ar an tslí chéanna, tá deiseanna ann do bhailiúchán leanúint orthu ag éabhlóidiú agus, trí bhíthin maoiniú a chur ar fáil chun tacú le ceannacháin ag an nGailearaí Náisiúnta, cinnteofar go mbeidh an bailiúchán spéisiúil agus ábhartha i gcónaí, agus go ndéanfar saothair nua agus spreagúla a sholáthar do chuairteoirí."
Dúirt Sean Rainbird, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, inniu, “Sa tréimhse neamhghnách seo don earnáil cultúir, cuireann Gailearaí Náisiúnta na hÉireann fáilte mhór roimh an tacaíocht fhlaithiúil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Thug an cúnamh seo deis dúinn cur leis an mbailiúchán náisiúnta, ar le muintir na hÉireann é, ar ndóigh. Táimid ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh chuairteoirí le go gcuirfidh siad aithne ar an raon éagsúil saothar ar bhallaí an Ghailearaí Náisiúnta s’acu. Táimid thar a bheith buíoch as an gciste breise seo agus is mian liom buíochas a ghabháil leis an Roinn as an tacaíocht leanúnach a thugann sí do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.