Fáiltíonn an tAire Sláinte agus an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta roimh mhaoiniú chun tacú tuilleadh le spásanna cuairte sábháilte i dTithe Altranais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. agus an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler T.D., roimh mhaoiniú inniu chun tacú tuilleadh le tithe altranais chun spásanna cuairte sábháilte breise a fheabhsú agus a chruthú.
I bhfianaise a thábhachtaí atá sé cuairteanna a éascú thar thréimhse an Gheimhridh agus i rith na Nollag, leathnaíodh an Scéim Íocaíochta Cúnaimh Shealadaigh (TAPS) ar bhonn aonuaire chun éileamh suas le €2,500 a cheadú in aghaidh an tí altranais incháilithe. Cuirfidh sé seo ar a gcumas spásanna cuairte sábháilte breise a chruthú agus na spásanna cuairte atá ann faoi láthair a fheabhsú.
Tá suas le €1.125m á chur ar fáil anois trí cheadú TAPS €92.5 milliún 2020 don éileamh geimhridh aonuaire seo. San iomlán, cuireadh suas le €134.5 milliún ar fáil don scéim do 2020 agus 2021.
Cuireadh srian ar chuairt a thabhairt ar thithe altranais le linn na paindéime seo chun iad siúd atá ina gcónaí agus ag obair sna tithe a chosaint. Soláthraíonn cuairteanna lasmuigh agus fuinneoige forlíonadh luachmhar do chuairteanna faoi dhíon a bhainistítear go cuí, ach de réir mar a théann an geimhreadh ar aghaidh beidh na roghanna lasmuigh, lena n-áirítear cuairteanna fuinneoige, níos dúshlánaí.
Tá roinnt tithe altranais tar éis céimeanna cruthaitheacha a ghlacadh chun spásanna sábháilte, compordacha laistigh agus lasmuigh a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin seo. Tá súil ag an Roinn go leanfaidh soláthraithe tithe altranais ag soláthar agus ag infheistiú i mbearta den sórt sin.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:
“Agus muid ag bogadh isteach i séasúr na Nollag, tá a fhios agam go mbeidh go leor daoine a chónaíonn i dtithe altranais ag iarraidh an oiread ama agus is féidir a chaitheamh lena dteaghlaigh. Ba bhliain an-chrua a bhí inti, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i dtithe altranais. Tá áthas orm go gceadaíonn na treoirlínte nuashonraithe le déanaí maidir le cuairteanna a thabhairt roinnt cuairteanna ag gach leibhéal srianta. Ar ndóigh, is é sláinte agus sábháilteacht na ndaoine a chónaíonn agus a oibríonn i dtithe altranais an tosaíocht agus mar sin tá sé tábhachtach gur féidir na cuairteanna seo a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte atá chomh compordach agus is féidir. Tá a fhios agam gur léirigh go leor de na tithe altranais cuntas teiste láidir le linn na paindéime maidir le bheith cruthaitheach i ndáil leis an gcaoi ar féidir leo cuairteanna a éascú laistigh de threoir sláinte poiblí agus tá áthas orm tacú leis na hiarrachtaí sin."
Agus í ag aontú leis an méid a dúirt an tAire Donnelly maidir le fáilte a chur roimh leathnú na Scéime, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD:
“Molaim go láidir do sholáthraithe tithe altranais gach rud is féidir a dhéanamh chun cuairteanna laistigh de thithe altranais a éascú. Tá sé chomh tábhachtach go mbeadh teagmháil rialta ag daoine a chónaíonn i dtithe altranais lena dteaghlaigh agus lena gcairde, go háirithe ag an am seo den bhliain. Molaim do thithe altranais leas a bhaint as na tacaíochtaí atá á gcur ar fáil dóibh, d'fhonn an oiread cuairteanna agus is féidir a cheadú faoin treoir sláinte poiblí agus oibriú i dtreo cuairteanna inmheánacha i dtithe altranais a thabhairt ar ais."
Tá feabhsúchán spásanna cuairte sábháilte ailínithe le príomhaidhm TAPS, is é sin tacú le tithe altranais cónaitheoirí a choinneáil slán agus an riosca ionfhabhtaithe agus tarchuir isteach sa teach altranais a laghdú. Aithnítear go dtabharfaidh cónaitheoirí agus a dteaghlaigh tosaíocht do chuairteanna thar an tréimhse seo agus forálfaidh na spásanna seo go dtabharfar faoi na cuairteanna seo ar bhealach a laghdaíonn rioscaí sláinte agus rioscaí eile a bhaineann le cuairteanna lasmuigh ar chónaitheoirí agus ar a gcuairteoirí, a d’fhéadfadh a bheith níos sine agus níos leochailí iad féin.
Ón 7 Nollaig, is féidir le gach cónaitheoir i dteach altranais cuairteoir amháin a bheith aige nó aici in aghaidh na seachtaine ag Leibhéal 3 agus 4. I Leibhéal 5, is féidir leo cuairteoir amháin a bheith acu gach coicís.
CRÍOCH
Mar thoradh ar phaindéim COVID-19 tá dúshlán gan fasach ar fud ár seirbhísí sláinte le tionchar suntasach ar thithe altranais. Is é an chéad fócas a chinntiú go gcosnaítear cónaitheoirí ár dtithe altranais.
Tá an Scéim Íocaíochtaí Cúnaimh Shealadaigh, ar a dtugtar TAPS freisin, ina cuid riachtanach de shraith tacaíochtaí airgeadais agus neamhairgeadais a chuirtear ar fáil do thithe altranais príobháideacha agus deonacha chun tacú lena n-ullmhacht i ndáil le COVID-19, agus chun ráigeanna a bhainistiú, má thagann siad chun cinn agus nuair a thagann siad chun cinn.
Bunaíodh TAPS chun cúnamh airgeadais a sholáthar chun cur leis na costais a thabhaíonn tithe altranais príobháideacha agus iad ag gníomhú chun COVID-19 a chur faoi chois agus a bhainistiú. Go dtí seo, tá beagnach €60 milliún íoctha le tithe altranais.
Ullmhacht Tithe Altranais
Treoir maidir le Cuairteanna
Tá sé mar aidhm ag an treoir nua tacú tuilleadh le seirbhísí cúraim chónaithe fhadtéarmaigh (lena n-áirítear tithe altranais) agus le cónaitheoirí agus iad ag pleanáil cuairteanna ar gach leibhéal den chreat le haghaidh bearta sriantacha i bPlean an Rialtais chun Maireachtáil le COVID-19. Cuimsíonn an treoir nua tuilleadh comhairle ag aithint go bhfuil tábhacht ag baint le mórfhéilte cultúrtha nó reiligiúnacha, mar an Nollaig, do chónaitheoirí agus dá dteaghlaigh.
Tugann an treoir nua seo breac-chuntas ar shainmhíniú nuashonraithe maidir le ‘imthosca criticiúla agus atruacha’, a fhorálann anois gur féidir le cónaitheoirí
Tugtar ar aird freisin gur cheart gach iarracht phraiticiúil a dhéanamh ag gach leibhéal creata chun cuairt bhreise a cheadú ar fhorais atruacha le linn thréimhse mórfhéile cultúrtha nó reiligiúnaí nó ceiliúradh a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis don chónaitheoir, amhail tréimhse na Nollag/na hAthbhliana.