Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin, an 14 Bealtaine 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 10 nduine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,506* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Déardaoin, an 14 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 426 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 23,827 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Máirt, an 12 Bealtaine (23,259 cás), an méid seo a leanas le fios:
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta na hÉireann de chuid an FÉSPN:
"Tá gach rud a thugann le fios go bhfuil COVID-19 á scaipeadh ag dul i laghad, an meánlíon cásanna sa lá, an líon daoine san ospidéal agus san aonad dianchúraim, iontrálacha go dtí an t-aonad dianchúraim agus an líon básanna a thugtar le fios sa lá san áireamh.
"Neartaíonn ár n-uimhir mheasta atáirgthe leis seo, atá cobhsaí faoi láthair agus idir 0.4 agus 0.6. Beidh monatóireacht á déanamh againn ar an bhfigiúr seo agus beidh monatóireacht an-dlúth á déanamh againn ar an líon ionfhabhtuithe, ar an iomlán, sa daonra sna seachtainí amach romhainn."
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Chas an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta lena chéile inniu agus chuir siad comhairle bhreise ar an Rialtas. Is mian linn a thabhairt faoi deara go fóill go bhfuil dul chun á dhéanamh sna laethanta amach romhainn. Tá orainn leanúint lenár scaradh fisiciúil agus ár mbearta sláinteachais chun go leanfaimid le scaipeadh an ghalair a chur faoi chois."
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,506 bás.