Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Os cionn €412,000 do 11 tionscadal ar oileáin amach ó chósta na tíre fógartha ag an Aire Humphreys
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys TD, inniu (Dé hAoine an 24 Meitheamh) go gcuirfear breis is €412,000 ar fáil chun tacú le 11 tionscadal éagsúil ar na hoileáin amach ón tír.
Is do ghrúpaí pobail an maoiniú seo den bheart nua ‘Oileáin na Tíre’ faoi chlár CLÁR na Roinne, agus is é is aidhm leis oileáin na hÉireann a dhéanamh níos tarraingtí mar áiteanna le cónaí iontu agus le cuairt a thabhairt orthu.
I measc na dtionscadal a bhfuil maoiniú á bhronnadh orthu tá:
Tá an maoiniú seo do ghrúpaí poiblí anuas ar an €1.62 milliún a d’fhógair an tAire Humphreys an tseachtain seo chun tacú leis na chéadfhreagróirí pobail ar fud na tíre.
Ag fógairt an mhaoinithe do ghrúpaí na n-oileán, dúirt an tAire:
“Tá an-áthas orm breis is €412,000 a fhógairt do 11 tionscadal faoin mbeart nua atá againn, ‘Oileáin na Tíre’, atá mar chuid de chlár CLÁR mo Roinne. Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí pobail agus deonacha maidir le seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil do phobail na tíre amach ón gcósta - le go ndéanfar áiteanna níos deise díobh le cónaí iontu agus cuairt a thabhairt orthu. Is suntasach an méid bánaithe a tharla ar na hoileáin seo i gcaitheamh na mblianta agus tá dúshláin rompu amhail scoiteacht na tuaithe agus laghdú daonra. Dá bhrí sin, chuir sé ríméad orm a bheith in ann clár CLÁR a oiriúnú ionas go bhféadfaí tacaíochtaí sainiúla a sheoladh go díreach chuig pobail oileáin na tíre.”
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Tá CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus is cuid de bheartas nua uaillmhianach cúig bliana na Roinne é do cheantair thuaithe na hÉireann, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann.
Is ionann CLÁR agus clár infheistíochta spriocdhírithe do cheantair thuaithe a bhfuil mar aidhm leis maoiniú a chur ar fáil do thionscadail bhonneagair bheaga i gceantair ainmnithe thuaithe. Tá limistéir CLÁR ainmnithe i gach contae sa tír seachas i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara agus i Loch Garman. Is féidir teacht ar shonraí na gceantar ainmnithe anois.
Oibríonn maoiniú CLÁR i gcomhar le cláir mhaoinithe áitiúla agus ar bhonn tosaíochtaí arna sainaithint go háitiúil. Seoladh an Clár CLÁR den chéad uair in 2001 ach stopadh ag glacadh le hiarratais in 2009. Cuireadh tús arís leis an gclár in 2016. Fógraíodh CLÁR 2022 i mí Feabhra 2022 agus fáiltíodh roimh iarratais faoi 3 Bheart:
Beart 1: Forbairt Saoráidí & Taitneamhachtaí Pobail (le fógairt ag dáta níos déanaí)
Beart 2: Iompar Soghluaiseachta, Cúraim Ailse agus Céadfhreagróirí Pobail
Beart 3: ‘Oileáin na Tíre’
Iarratais Bheart 3 ar Éirigh Leo
Contae | Eagraíocht | Sonraí an Tionscadail | Maoiniú atá á Lorg |
Corcaigh | Bere island Projects Group CLG | Chun bus leictreach atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí agus painéil luchtaithe fótavoltacha ag an Ionad Pobail a mhaoiniú | €72,693.00 |
Dún na nGall | Comharchumann Oileán Árainn Mhór CTR | Ráillí agus geataí galbhánaithe in áit na cinn a bhí ann ag faiche spóirt ilchuspóireach | €18,977.37 |
Dún na nGall | Comharchumann Thoraí Teo | Fálú ionaid ag Clós Súgartha Thoraí | €22,185.00 |
Dún na nGall | Comharchumann Thoraí Teo | Trealamh Aclaíochta a Cheannach | €22,078.80 |
Dún na nGall | Comharchumann Forbartha & Fostaiochta Árainn Mhór - CFFAM | Suíocháin lasmuigh déanta as plaisteach athchúrsáilte a chur ar fáil ar fud an oileáin lena n-úsáid ag siúlóirí agus ag rothaithe | €24,223.86 |
Dún na nGall | Féile Cheol Tíre Árainn Mhór | Stáitse soghluaiste faoin aer a cheannach | € 5,241.44 |
Dún na nGall | Comharchumann Thoraí Teo | Binsí picnice agus suíocháin a chur ar fáil ar fud an oileáin | €21,600.00 |
Gaillimh | Coiste Chomhlacht Forbartha Inis Meáin | Chun mionbhus hibride inluchtaithe, painéil fótavoltacha agus pointe luchtaithe d’fheithiclí inluchtaithe a cheannach | € 114,147.00 |
Gaillimh | Comhar Caomhán Teo Inis Oírr | Leithris poiblí atá ann cheana agus an bonneagar bruscair/athchúrsála gaolmhar a fheabhsú | € 56,814.83 |
Gaillimh | Comharchumann Forbartha Árann | Chun ceapóga ardaithe, comharthaíocht, trealamh, boscaí bruscair, boird phicnice, suíocháin agus TCI a cheannach | € 43,098.12 |
Maigh Eo | Inishturk Community Club CLG | Fálú a cheannach chun teorainneacha an chlóis súgartha a dhaingniú agus a dhéanamh sábháilte | €11,474.60 |
IOMLÁN: 11 | €41,2534.02 |