An Taoiseach chun cuairt a thabhairt ar Strasbourg
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tabharfaidh an Taoiseach Micheál Martin cuairt ar Strasbourg i gcomhair ócáidí i gComhairle na hEorpa agus i bParlaimint na hEorpa inniu agus amárach.
Casfar ionadaithe ó Chomhairle na hEorpa air inniu (Dé Máirt) chun comóradh a dhéanamh ar Uachtaránacht na hÉireann ar an bhforas (ó Bhealtaine go Samhain na bliana seo). Tabharfaidh sé cuairt freisin ar an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.
Beidh sé i dteannta Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, tráthnóna inniu chun dealbh bhrád a nochtadh de John Hume a bhronn an Rialtas ar an bParlaimint. Is chun comóradh a dhéanamh ar an obair a rinne an tUasal Hume le linn dó 25 bliain a chaitheamh ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, agus ar an spreagadh a fuair sé ó thogra na hEorpa maidir lena chuid oibre síocháin a bhaint amach in Éirinn.
Tabharfaidh an Taoiseach aitheasc os comhair sheisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa ina ndéanfaidh sé machnamh ar an 50 bliain atá caite ó shocraigh Éire dul san Aontas Eorpach, an tionchar a bhí agus atá ag an mballraíocht sin orainn mar thír agus ar an bhforbairt a bhfuil súil ag muintir na tíre a thiocfaidh ar an mballraíocht sin san am atá le teacht. Tá súil freisin aige labhairt le hUrlabhraí Pharlaimint na hÚcráine a bheidh ag tabhairt cuairt freisin ar Pharlaimint na hEorpa.
Roimh na cuairte, dúirt an Taoiseach:
Táim ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar Strasbourg, ina bhfuil ceanncheathrú roinnt Institiúidí Eorpacha. Is ag Éire atá an Uachtaránacht ar Chomhairle na hEorpa, foras a dhéanann obair riachtanach chun tacú leis an daonlathas, le forlámhas an dlí agus le cearta daonna ar fud na hIlchríche. Táim ag súil le hobair na comhairle a phlé, go háirithe i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin.
Nochtfaidh mé dealbh bhrád ag Parlaimint na hEorpa chun comóradh a dhéanamh ar ghairm John Hume, laoch mór na polaitíochta in Éirinn, a fuair spreagadh as togra na hEorpa dá chuid oibre síocháin a bhaint amach in Éirinn. Beidh sé de phribhléid agam labhairt le seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa chun comóradh a dhéanamh ar 50 bliain ó shocraigh muintir na hÉireann dul isteach sa Chomhphobal Eorpach mar a bhí air ag an am. Ba mhór an t-athrú a tháinig ar an tír de bharr an chinnidh sin agus beidh mé ag cur mo thuairimse in iúl ina leith, is é sin gur cheart go mbeadh na tíortha sin ar mhaith leo dul isteach san AE anois, lena n-áirítear an Úcráin, ábalta leas a bhaint as na deiseanna céanna.
Tá Parlaimint na hEorpa ar cheann de thrí príomhinstitiúidí an AE, chomh maith leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle. Tá freagraíochtaí reachtaíochta, maoirseachta agus buiséid ar an bParlaimint. Tá an Pharlaimint comhdhéanta de 705 Feisire de Pharlaimint na hEorpa agus tá sí faoi stiúir an Uachtaráin Roberta Metsola ó Eanáir 2022. Tá 13 Feisire de Pharlaimint na hEorpa ag Éirinn.
Is í Comhairle na hEorpa an eagraíocht iltaobhach is sine san Eoraip, a bunaíodh roimh an Aontais Eorpaigh, ar eagraíocht ar leith í ó tharla feidhm éagsúil agus ballraíocht i bhfad níos leithne aici. Is é príomhchuspóir Chomhairle na hEorpa an Daonlathas, Cearta Daonna agus Forlámhas an Dlí a chosaint agus a neartú ar fud a cuid ballstát. Tá an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ar cheann de chomhfhorais na Comhairle. Bhí Éire ar cheann den deich stát a bhunaigh an chomhairle sa bhliain 1949 atá chomhdhéanta anois de 46 stát. Díbríodh an Rúis i Márta 2022.