Íocaíocht an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí á fáil ag 117,000 Cúramóir an tseachtain seo
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go bhfuil an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí á íoc le 117,000 cúramóir an tseachtain seo.
I mbliana tá an deontas á íoc ag ráta €1,850 an ráta deontais is airde ó bunaíodh é. D’éirigh leis an Aire Humphreys méadú de €150 a fháil don deontas i mBuiséad 2021. Meastar go bhfuil costas iomlán an deontais atá á íoc an tseachtain seo cothrom le thart ar €265.2 milliún.
Tá an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí ar fáil do gach cúramóir a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do dhuine scothaosta nó do dhuine faoi mhíchumas, beag beann ar an gcuid acmhainní nó ranníocaíochtaí árachais shóisialta.
Íoctar an deontas i ndáil le gach duine a bhfuil cúram á sholáthar dó/di chun cabhrú leis an gcostas breise a bhaineann le cúram a sholáthar agus aitheantas a thabhairt do na dúshláin shonracha a bhí le sárú ag na cúramóirí sin. Tá thart ar 12,000 cúramóir ag soláthar cúraim do bheirt daoine nó níos mó agus gheobhaidh siad deontas i ndáil le gach duine a bhfuil cúram á sholáthar dó/di.
Íoctar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí le gach faighteoir den Liúntas Cúramóra (ráta iomlán nó leathráta), Sochar Cúramóra, nó Liúntas Cúraim Baile. Chomh maith leis sin, tá sé ar fáil do chúramóirí lánaimseartha eile nach bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil acu. Tá an t-eolas ar fad maidir leis an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí le fáil ar www.gov.ie/csg .
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:
“Cúis áthais dom gur éirigh liom airgead a fháil i mBuiséad 2021 chun an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí a ardú ó €1,700 go €1,850, atá á íoc an tseachtain seo.
“Bhí neart dúshlán le sárú ag gach duine le bliain anuas go háirithe ár gcúramóirí a mb’éigean dóibh déileáil le dúshláin bhreise le linn dóibh tacú lena ndaoine muinteartha.
“Tá ráta íocaíochta an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí méadaithe i mbliana mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach atá ag cúramóirí i dtacaíocht a sholáthar do dhaoine muinteartha.
“Is mian liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach cúramóir in Éirinn as an ról ríthábhachtach agus luachmhar atá á chomhlíonadh acu inár sochaí agus inár bpobail áitiúla ar fad. Tá an tiomantas agus an obair atá á déanamh ag gach cúramóir chun tacú le daoine a dteastaíonn tacaíocht uathu an-tábhachtach agus tá ardmheas againn ar an obair atá á déanamh ag cúramóirí.”
CRÍOCH
Cáilíonn tú go huathoibríoch don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra , Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile (DCA).
Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, b’fhéidir go mbeiféa incháilithe fós má chomhlíonann tú na coinníollacha sna cásanna seo a leanas:
Níl tú cáilithe le haghaidh Deontas Tacaíochta do Chúramóirí sna cásanna seo a leanas:
Má tá aire á tabhairt agat do níos mó ná duine amháin, gheobhaidh tú deontas do gach duine a bhfuil cúram á sholáthar lena (h)aghaidh.
Tá an Deontas do Thacaíocht Cúramóirí díolmhaithe ó cháin ioncaim, ÁSPC agus ón Muirear Sóisialta Uilíoch.