Fáiltíonn an tAire Anne Rabbitte roimh 85 Post Teiripe Breise do Sheirbhísí Míchumais Leanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Stáit le freagracht as an Míchumas, Anne Rabbitte TD inniu roimh 85 post teiripe breise.
Dúirt an tAire Rabbitte:
“Cuirim fáilte inniu roimh an dea-scéala gur faomhadh 85 post breise coibhéiseach lánaimseartha d’Fhoirne Líonra Leanaí faoi Mhíchumas FSS. Ar 8 Aibreán, d’iarr mé ar FSS go gcuirfí ar fionraí an t-athlonnú a bhí pleanáilte do ghairmithe sláinte agus cúram sóisialta ar an láthair, ó Scoileanna Speisialta go dtí Foirne Líonra Leanaí faoi Mhíchumas, nuair a chuir roinnt tuismitheoirí agus scoileanna imní in iúl dom.
“Agus é ag obair go dlúth leis an Rialtas, tá athbhreithniú déanta ag FSS ar sheirbhísí i scoileanna speisialta chun a chinntiú go mbainfidh na scoileanna seo lántairbhe as an soláthair breisithe a sholáthróidh Fhoirne Líonra Leanaí faoi Mhíchumas, mar atá beartaithe faoin gClár maidir le Seirbhísí Míchumais do Leanaí agus do Dhaoine Óga a Chur chun Cinn (SMCC).
“Tá sé deimhnithe ag FSS go leanfar le seirbhísí teiripe ar an láthair a sholáthar don líon beag de scoileanna speisialta a bhfuil na seirbhísí seo á fáil acu cheana féin. Ní bheidh aon laghdú ann sna seirbhísí don ghrúpa leanaí seo, agus seachadódar seirbhísí ar aon dul le polasaí SMCC faoi struchtúr rialachais na foirne líonra leanaí faoi mhíchumas áitiúla, a cumraíodh as an nua le déanaí.
“Is mian do FSS agus dá phríomhchomhpháirtithe Alt 38 agus 39, tuismitheoirí a bhfuil leanaí acu atá ag freastal ar scoileanna speisialta, a chur ar a suaimhneas go bhfuil said tiomanta cur le hacmhainn na foirne líonra seo chun leibhéal tacaíochta idirdhisciplíneach feabhsaithe a thabhairt.
“Ba mhaith liom a chur in iúl do thuismitheoirí, go bhfuil an Rialtas agus FSS tiomanta don mhúnla SMCC a chur i bhfeidhm. Tacóidh na 85 post breise seo, atá faofa anois le haghaidh Foirne Líonra Leanaí faoi Mhíchumas (FLLM), le seirbhísí a sheachadadh sna scoileanna speisialta seo. Beidh an fhoireann ábhartha páirteach san FLLM áitiúil, áit a bhfaighidh siad rialachas cliniciúil agus maoirseacht, agus sannófar teiripeoirí chun go gcuirfidís teiripe inrochtana ar fáil don scoil speisialta. Go tábhachtach, soláthróidh an múnla foirne líonra leanaí faoi mhíchumas rochtain fheabhsaithe ar thacaíochtaí idirdhisciplíneacha do leanaí a bhfuil riachtanais choimpléascach acu.
“Cuirim fáilte roimh an fhorbairt seo agus tá áthas orm go mbeidh rochtain ag na leanaí seo agus ag a dteaghlaigh ar réimse iomlán seirbhísí agus tacaíochtaí FLLM de réir na riachtanas atá acu."