Fáiltíonn an tAire McGrath roimh an laghdú sa bhoilsciú agus tugann sé eisiúint na meastachán sealadach OTI dá aire
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh a meastachán ‘sealadach’ don bhoilsciú i mí Dheireadh Fómhair agus meastachán luath ar OTI don tríú ráithe den bhliain inniu (an 27 Deireadh Fómhair).
Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:
“Léirítear sna sonraí boilscithe a foilsíodh inniu go raibh laghdú suntasach ann sa ráta boilscithe phríomha. Meastar boilsciú bliantúil faoin Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (HICP) a bheith cothrom le 3.6 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair. Is é sin an ráta méadaithe bliantúil is ísle ó bhí mí Lúnasa 2021 ann. I gcomparáid leis an tráth seo anuraidh, tá laghdú is ionann agus geall le sé phointe céatadáin tagtha ar an ráta boilscithe.
“Tá an laghdú sin sa bhoilsciú ag teacht as laghdú i bpraghsanna fuinnimh agus is dea-rud é do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud na tíre. De réir mar a chuirtear an laghdú i bpraghsanna fuinnimh mórdhíola ar aghaidh ag an leibhéal miondíola, is féidir linn a bheith ag súil leis go dtiocfaidh tuilleadh laghdaithe ar an mboilsciú príomha sna míonna atá romhainn.
“Is eol dom gurb ardaithe fós atá an boilsciú bunúsach – gan praghsanna fuinnimh agus bia a áireamh – agus é cothrom le pas beag níos mó ná 4½ faoin gcéad. Tá sé sin ag teacht den chuid is mó le srianta leanúnacha acmhainne, agus lánfhostaíocht ann sa gheilleagar. Ag breathnú ar aghaidh dúinn, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú bunúsach freisin, cé go dtarlóidh sé sin ar luas a bheidh níos moille ná an ráta boilscithe phríomha.
“Ar leithligh uaidh sin, is amhlaidh, dar leis an meastachán sealadach 30 lá ón bPríomh-Oifig Staidrimh, a tháinig laghdú 1.8 faoin gcéad ar OTI sa tríú ráithe i gcomparáid leis an ráithe roimhe agus a tháinig laghdú 4.7 faoin gcéad air i gcomparáid leis an ráithe chéanna anuraidh. Cé nach dtugann an Phríomh-Oifig Staidrimh miondealú ar na tosca atá taobh thiar den laghdú, is dóigh go bhfuil sé ag teacht leis an laige leanúnach sa táirgeacht i bpríomhearnálacha a bhfuil cuideachtaí ilnáisiúnta ceannasach iontu. Is patrún é sin atáimid ag feiceáil ar fud na bliana.
“Leagfainn béim ar an bhfíric gur meastacháin tosaigh iad na sonraí sealadacha OTI agus go ndearnadh leasuithe fiúntacha orthu i ngach ceann de na heisiúintí ar fud na bliana. Déarfainn freisin nach slat tomhais úsáideach le haghaidh gníomhaíocht gheilleagrach intíre atá in OTI é féin. Foilseofar faisnéis níos mine i dtús mhí na Nollag, mar aon leis an tslat tomhais is fearr liom le haghaidh an gheilleagair intíre, mar atá an tÉileamh Modhnaithe Intíre.”
Is ionann éileamh modhnaithe intíre, ar athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an chaiteachais tomhaltóirí, an chaiteachais rialtais agus na hinfheistíochta, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.
Is é is an tInnéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (HICP) ann ná innéacs ar phraghsanna tomhaltóirí ar innéacs é a comhchuibhíodh chun comparáidí ar fud thíortha an limistéir euro a chumasú. Murab ionann agus slat tomhais intíre an innéacs praghsanna do thomhaltóirí, ní áirítear ús morgáiste, i measc nithe eile, leis.
Eisítear an meastachán sealadach OTI 30 lá 30 lá tar éis dheireadh na ráithe tagartha agus tá sé bunaithe ar shonraí neamhiomlána. Is san eisiúint mhionsonraithe 60 lá a thugtar faisnéis níos mine faoi chuntais náisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear faisnéis faoi na comhpháirteanna caiteachais de ghníomhaíocht gheilleagrach (mar shampla: caiteachas tomhaltóirí, infheistíocht, an t-éileamh modhnaithe intíre, agus onnmhairí).