Cuireann an tAire O’Brien síneadh leis an sos íocaíochta morgáiste Údaráis Áitiúil
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, T.D., inniu (an 27 Eanáir 2021) go gcuirfear síneadh leis an sos íocaíochta morgáiste atá i bhfeidhm cheana féin d’iasachtaithe iasacht tí údaráis áitiúil dóibh siúd a leanann deacrachtaí a bheith acu mar gheall ar éigeandáil COVID-19.
D’fhéadfaí trí shos íocaíochta a chur ar fáil cheana féin d’iasachtaithe iasacht tí údaráis áitiúil ar fad iomlán naoi mí agus déanfaidh a n-údarás áitiúil teagmháil le hiasachtaithe a ghlacann leis an gceathrú sos íocaíochta i rith an tsosa íocaíochta chun measúnú a dhéanamh ar a gcás airgeadais agus chun roghanna a phlé, más gá.
Dheimhnigh an tAire O’Brien freisin go bhfuil síneadh á chur aige freisin leis an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar shos íocaíochta morgáiste Údaráis Áitiúil go dtí an 31 Márta 2021 chun soláthar a dhéanamh d’iasachtaithe a d’fhéadfadh bheith thíos le céimeanna ar gcúl go fóill sna míonna amach anseo.
Dúirt an tAire,
“Nuair a chuirtear an tsuaiteacht leanúnach gheilleagrach a bhaineann le COVID-19 san áireamh, leanann roinnt iasachtaithe údaráis áitiúil a bheith thíos le deacrachtaí maidir lena morgáiste a íoc nó tá fíor-eagla orthu go mbeidh siad thíos le fadhbanna aisíocaíochta amach anseo.
“Chun cabhrú le daoine sa chás seo, tá síneadh trí mhí eile á chur agam le tréimhse an tsosa íocaíochta morgáiste, a chuireann dhá mhí dhéag, ar an iomlán, ar fáil do dhaoine bheith ar a seanléim arís. Tá síneadh á chur agam freisin leis an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar shos íocaíochta morgáiste go dtí an 31 Márta 2021 chun soláthar a dhéanamh d’iasachtaithe a d’fhéadfadh bheith thíos le céimeanna ar gcúl go fóill sna míonna amach anseo.
“Mholfainn go tréan d’aon iasachtaí iasacha tí údaráis áitiúil a bhfuil sos breise íocaíochta á lorg acu chun teagmháil a dhéanamh lena n-údarás áitiúil a luaithe agus is féidir chun gur féidir a gcás airgeadais a mheas agus chun gur féidir leo plé a dhéanamh ar roghanna eile íocaíochta, más gá.”
Ní bhíonn aon chostais bhreise a bhaineann le bun-iarmheid na hiasachta tí le híoc ag an iasachtaí a gcuirtear na bearta seo ar fáil dóibh, mar gheall nach ngearrtar ús ar iasachtaithe ar feadh thréimhse na sosanna íocaíochta morgáiste.
Spreagtar iasachtaithe iasacht tí Údaráis Áitiúil a bhfuil deacrachtaí acu mar gheall ar COVID-19 teagmháil a dhéanamh lena n-údarás áitiúil a luaithe agus is féidir chun teacht ar an iarratas. Beidh eolas ar fáil ar láithreán gréasáin gach údaráis áitiúil.