Faigheann 400 teach altranais €9.5 milliún d'íocaíochtaí maoinithe faoin Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, an-sásta leis an leibhéal rannpháirtíochta sa Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais (RSI).
D'fhéadfadh tithe altranais a rinne oibreacha struchtúrtha a clúdaíodh faoin Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais costas na n-oibreacha seo a éileamh dá ndéanfaí iad ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 15 Samhain 2024 faoi réir na gcritéar don iarratas a chomhlíonadh.
D'fhonn feabhas a chur ar chosc ionfhabhtaithe agus sábháilteacht ó dhóiteán i dtithe altranais príobháideacha agus deonacha, bhí suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais cáilitheach le haghaidh oibreacha struchtúrtha chun feabhas a chur ar chomhlíonadh na gcaighdeán a d'fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) maidir le réamhchúraimí in aghaidh dóiteán agus rialú ionfhabhtaithe.
Dúirt an tAire Butler:
"Tá sé sásúil a fheiceáil gur bhain thart ar 400 teach altranais ar fud na gcontaetha go léir leas as an Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais agus, go dtí seo, gur íocadh íocaíochtaí de thart ar €9.5 milliún san iomlán.
"Dearadh an scéim chun tacú le tithe altranais príobháideacha agus deonacha chun feabhas a chur ar chosc ionfhabhtaithe agus ar shábháilteacht ó dhóiteán agus chun comhlíonadh na rialachán a fheabhsú. Tuigim gur féidir le hoibreacha, a rinneadh chun comhlíonadh a chinntiú, a bheith costasach do thithe altranais, go háirithe do thithe altranais níos lú, deonacha agus níos sine agus ba é aidhm na scéime seo ná cuid den bhrú airgeadais seo a mhaolú. Is cúis áthais dom a fheiceáil gur bhain thart ar 85% d'iarratasóirí leas as an €25,000 iomlán atá ar fáil do gach teach altranais a bhí oiriúnach le haghaidh oibreacha incháilithe. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhghleacaithe sa Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) as a gcuid oibre ar an scéim seo.
"I gcónaí, dírím ar shábháilteacht agus ar fholláine na gcónaitheoirí. Tá sé tábhachtach go gcuirfí daoine aosta agus a dteaghlaigh ar a suaimhneas go gcomhlíonann ár n-áiseanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh na caighdeáin is fearr is féidir."
Déanann an Roinn Sláinte maoirsiú ar an Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais (RSI) agus tabharfar tuairisc don Aire Butler faoi oibriú na scéime.
Rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an scéim a riaradh agus rinne an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) an próiseas iarratais a riar agus tacaíocht agus comhairle a sholáthar don FSS.
Rinneadh íocaíochtaí gach ráithe.
Dúnadh an Scéim d'iarratais ar an 15 Samhain 2024.