Cúnamh Forbartha Idirnáisiúnta breis is €28.5 milliún fógartha ag an Aire Creed i mbliana
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair Michael Creed T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, inniu go sáróidh caiteachas i ndáil le cúnamh forbartha idirnáisiúnta a Roinn féin €28.5 milliún i mbliana.
Dúirt an tAire Creed, "Tá breis is 800 milliún duine ar fud an domhain ag fulaingt ó thaobh leibhéil arda éiginnteachta bia. Is í mo Roinnse atá i mbun chomhoibriú na hÉireann le príomhghníomhaireachtaí bia na Náisiún Aontaithe - an Clár Domhanda Bia (WFP) agus an Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta (FAO) - agus iad ag oibriú i dtreo Sprioc Forbartha Inbhuanaithe i ndáil le Deireadh a chur le hOcras a bhaint amach faoin mbliain 2030".
Áirítear sna híocaíochtaí ranníocaíocht iomlán €25.3 milliún leis an WFP, faoi chomhaontú comhpháirtíochta straitéiseach trí bliana ón mbliain 2019 go dtí an bhliain 2021. Ghabh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an WFP, an tUasal David Beasley, buíochas le hÉirinn as a tacaíocht leanúnach, "Tá an Clár Domhanda Bia buíoch d'Éirinn as a cuid ranníocaíochtaí solúbtha maoiniúcháin, faoinar féidir linn cúnamh a thabhairt do roinnt de na daoine is leochailí ar domhan. Baineann an WFP leas as an gcomhpháirtíocht láidir atá aige le hÉirinn agus táimid ag súil leanúint den obair i gcomhar sin le chéile chun troid i gcoinne an ocrais ar fud an domhain agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach.".
D'fhógair an tAire Creed íocaíochtaí €1.1 milliún chomh maith le haghaidh tionscadail FAO faoi leith, anuas ar ranníocaíocht bhliantúil €1.4 milliún na hÉireann. Tá na tionscadail ar leith seo dírithe go mór ar athrú aeráide agus ar thionscadail talmhaíochta, nuálaíocht agraibhia, tionscadal ar chumasú geilleagrach na mban faoin tuath agus ar obair a dhéanamh ar chórais inbhuanaithe bhia.
Rinneadh íocaíochtaí €1.3 milliún faoin gClár um Fhorbairt Agraibhia na hAfraice (AADP), arna oibriú ag an DAFM i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, chomh maith.
Dúirt an tAire, "I gcomhthéacs domhanda, tá ceangal fada ag Éirinn i ndáil le ceannaireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna forbartha. Tá curtha againn le polasaithe agus spriocanna forbartha ag na Náisiúin Aontaithe, agus lenár gcomhthíortha ar fud na hAfraice fo-Shahárach agus na hÁise. Tugann sin léargas ar an gcúlra atá againn mar dhaoine. Tá a fhios agam go bhfuil tuiscint dhomhain ach go háirithe ag pobal feirmeoireachta na hÉireann ar na dúshláin atá le sárú ag feirmeoirí i dtíortha atá ag forbairt.
"Bíonn lucht oibre na Náisiún Aontaithe ag oibriú i gcoinníollacha fíordheacra ar fud an Domhain. Agus ranníocaíochtaí na bliana seo á ndéanamh, cuimhnímid ach go háirithe ar na comhghleacaithe sin ón FAO agus ón WFP a bhásaigh i dtionóisc Ethiopian Airlines i mí an Mhárta. Cuimhním ach go háirithe ar chairde agus ar mhuintir Mhichíl Ryan agus Joanna Toole a bhfuil Nollaig dheacair amach rompu d'uireasa na beirte iontaí seo. Tugaimid aitheantas do Mhicheál, Joanna agus dá gcomhghleacaithe trí leanúint de thacaíocht a thabhairt don obair a dhéanann siad" a dúirt an tAire Creed mar fhocal scoir.
Nótaí d'Eagarthóirí
Clár Domhanda Bia na NA (WFP)
Is eagraíocht Náisiún Aontaithe é WFP atá freagrach as cúnamh bia a chur ar fáil do na daoine is boichte agus is leochailí ar domhan. Oibríonn sé i gcomhar le gníomhaireachtaí eile Náisiún Aontaithe, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, leis an tsochaí shibhialta agus leis an earnáil phríobháideach d'fhonn a chur ar chumas daoine, pobail agus tíortha a gcuid riachtanas bia féin a shásamh. Is é an WFP an ghníomhaireacht dhaonnúil is mó atá ag troid i gcoinne an ocrais ar fud an domhain agus déantar é a mhaoiniú ó ranníocaíochtaí deonacha amháin. Is ionann comhaontú comhpháirtíochta straitéiseach trí bliana na hÉireann agus €70 milliún ar an iomlán. Sa bhreis ar phríomh-mhaoiniú an DAFM ar an WFP, cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maoiniú ar fáil don WFP chomh maith ar mhaithe le cláir ghéarchéime i dtíortha agus i réigiún faoi leith.
I mbliana, chuir na cistí solúbtha a chur Rialtas na hÉireann ar fáil le hobair an WFP sna cásanna éigeandála is tábhachtaí, agus chuir sin ar chumas an WFP cuidiú leis an daonra is leochailí. I bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, chuir na cistí solúbtha ar a gcumas deich n-uaire an méid cúnaimh a chur ar fáil go tapa; San Éimin, chuir leithdháiltí na gcistí solúbtha le freagra éigeandála is mó an WFP - oibríocht chun beatha daoine a shábháil agus san Afganastáin, bhí an WFP ábalta bia treisithe agus cúnamh bia a bhí cothrom ó thaobh cothaithe a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha lena n-áirítear daoine a raibh tionchar ag an gcoimhlint agus ag tubaistí orthu. Thacaigh ranníocaíochtaí solúbtha na hÉireann chomh maith le hoibríochtaí sa tSiria, i nDeisceart na Súdáine, i mBuircíne Fasó, i Madagascar agus sa tSiombáib.
Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO)
Eagraíocht Náisiún Aontaithe atá san FAO atá faoi shainordú d'fhonn cuidiú le deireadh a chur leis an ocras, le héiginnteacht bhia agus le míchothú, agus an talmhaíocht, foraoiseacht agus na hiascaigh a dhéanamh níos torthúla agus níos inbhuanaithe, córais talmhaíochta agus bia níos uilechuimsithí agus níos éifeachtaí a chumasú agus cur le láidreacht na slite beatha i gcoinne bagairtí agus géarchéimeanna.
Clár um Fhorbairt Agraibhia na hAfraice (AADP)
Comhthionscnamh atá san AADP idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Is é an Aidhm atá leis an AADP ná comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir Earnáil Agraibhia na hÉireann agus tíortha na hAfraice d'fhonn tacú le fás inbhuanaithe an tionscail áitiúil bia; margaí do tháirgí áitiúla a chothú; agus tacú leis an gcomhthrádáil idir Éire agus an Afraic".
Domhan Níos Fearr
Tá an maoiniú seo agus na comhpháirtíochtaí leis an WFP agus leis an FAO laistigh de chreat pholasaí nua na hÉireann don fhorbairt idirnáisiúnta, "Domhan Níos Fearr", polasaí uile-rialtais le haghaidh clár comhoibriúcháin forbartha na hÉireann, clár faoina n-oibríonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go dlúth le Cúnamh Éireann.
Caiteachas iomlán an DAFM ar Chúnamh Forbartha Idirnáisiúnta sa bhliain 2019 | € |
WFP | |
Réamhíocaíocht ar an tiomantas i ndáil le Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéiseach 2020 | €22,300,000 |
Íocaíocht ar an gcuid eile den tiomantas i ndáil le Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéiseach 2019 | €3,000,000 |
FAO | |
Ranníocaíocht bhliantúil an FAO | €1,441,415 |
Tionscadail shainithe faoi scáth an FAO | |
Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide - ceardlann ar Bheostoc (UNFCCC) | €50,000 |
Comhpháirtíocht Measúnachta Timpeallachta ar Bheostoc (LEAP) | €50,000 |
An Comhaontas Domhanda do Thalmhaíocht atá Cliste ó thaobh na hAeráide (GASCA) | €45,000 |
An Bhliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí sa bhliain 2020 (IYPH) | €100,000 |
Talmhaíocht atá Cliste ó thaobh na hAeráide | €156,085 |
Gníomhú ar son na hAeráide don Fhorbairt Inbhuanaithe | €155,000 |
Saoráid um Chumasú Geilleagrach na mBan faoin Tuath | €155,000 |
Nuálaíocht Agraibhia - Bailte | €155,000 |
Imirce agus Athrú Aeráide | €155,000 |
Córais Inbhuanaithe Bia | €142,500 |
Iomlán na dTionscadal FAO | €1,163,585 |
|Clár um Fhorbairt Agraibhia na hAfraice |€662,889 |
Iomlán | €28,567,889 |
CRÍOCH