Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 25 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,777 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Luain an 24 Lúnasa, cuireadh 92 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 28,201* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Cé go bhfuil líon na gcásanna a thuairiscítear gach lá fós ard, tá an scéal go náisiúnta fós réasúnta seasmhach le seachtain anuas. Mar sin féin, chonaiceamar cásanna i 25 de na 26 chontae le 14 lá anuas, lena n-áirítear 473 cás i mBaile Átha Cliath, 332 i gCill Dara, 120 i dTiobraid Árann, 84 i Luimneach, 37 sa Chlár agus 36 sa Mhí agus i gCill Chainnigh.
“Ní bheifí ag súil go mbeadh tionchar ag bearta a tugadh isteach an tseachtain seo caite ar chonair an ghalair go dtí go luath an tseachtain seo chugainn. Idir an dá linn, ní mór dúinn leanúint de chomhairle sláinte poiblí a leanúint - teagmhálacha sóisialta a laghdú agus sluaite a sheachaint, scaradh fisiceach, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus lámha a ní go rialta."
CRÍOCH