Seolann an tAire Heydon gairm oscailte nua ar thionscadail sláinte, sábháilteachta agus folláine feirmeoirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon TD, gairm oscailte inniu ar thograí le haghaidh tionscadail sláinte, sábháilteachta agus folláine feirmeoirí.
Dúirt an tAire Heydon agus an ghairm á fógairt aige:
“Ní mór dúinn taifead na feirmeoireachta maidir le sábháilteacht a athrú. Táim tiomanta do shábháilteacht, sláinte agus folláine feirmeoirí a choinneáil ag croílár earnáil talmhaíochta atá inbhuanaithe. Tá ról anseo do gach duine san earnáil agus is é sin an fáth a bhfuil an ghairm oscailte sin ar iarratais ar thionscadail a thugann aghaidh ar shábháilteacht, sláinte agus folláine ar fheirmeacha na hÉireann á seoladh agam.”
Maoineofar na tionscadail ó bhuiséad tiomnaithe sábháilteachta feirme na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Ba cheart go gclúdódh tionscadail rathúla faoin ngairm sin ceann amháin nó níos mó de na téamaí seo a leanas:
• Sábháilteacht feirme
• Sláinte fhisiciúil feirmeoir
• Meabhairshláinte agus folláine feirmeora.
Dúirt an tAire Heydon:
“Caithfear gach deis a thapú chun iompar agus cleachtais a athrú chun sábháilteacht, sláinte agus folláine ar fheirmeacha a fheabhsú. Tá € 850,000 leithdháilte agam don tionscnamh tábhachtach nua seo agus táim muiníneach go rachaidh na tograí rathúla chun tairbhe go mór d'fheirmeoirí, dá dteaghlaigh agus do phobail tuaithe.”
Is féidir iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig farmsafetycall@agriculture.gov.ie nó a sheoladh tríd an bpost cláraithe chuig an Rannán um Beartas, Meastóireacht agus Deimhniú Barr, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Foirgneamh Riaracháin Bhacastúin, Cill Droichid, Co. Chill Dara. Is é Dé Céadaoin, an 7 Lúnasa 2024 an spriocdháta.
Tá an Doiciméad Sonraíochta agus an Fhoirm Iarratais ar fáil ag www.gov.ie/farmsafety