Fógraíonn an tAire Sláinte maoiniú nua do sheirbhísí deonaithe orgán agus trasphlandaithe agus An Bille um Fhíochán Daonna le críochnú i dTithe an Oireachtais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu maoiniú méadaithe de €1.6 milliún in 2024 do sheirbhísí deonaithe orgán agus trasphlandaithe. Tá an maoiniú á chur ar fáil toisc go gcríochnóidh An Bille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí) a phasáiste in dhá Theach an Oireachtais níos déanaí inniu. Cuirfear an Bille ansin chuig Uachtarán na hÉireann lena shíniú.
Ghabh an tAire buíochas leo siúd go léir a chuidigh le forbairt agus rith an Bhille, lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte, grúpaí abhcóideachta othar, saineolaithe dlí, agus comhaltaí na dTithe.
Dúirt Stephen Donnelly, an tAire Sláinte:
“Bhí sé iontach an tacaíocht traspháirtí a fheiceáil don Bhille um Fhíochán Daonna agus é ag dul ar aghaidh tríd na Tithe. Is céim shuntasach í rith an Bhille seo do chúram sláinte in Éirinn. Clúdaíonn an Bille seo meas – meas ar fhlaithiúlacht na ndeontóirí agus a dteaghlaigh, agus meas ar dhínit an duine mhairbh."
Is céim shuntasach chun cinn í an Bille maidir le húsáid fíochán daonna a rialáil in Éirinn. Soláthraíonn sé creat dlíthiúil láidir, trédhearcach agus eiticiúil chun orgáin a dheonú le haghaidh trasphlandaithe, scrúduithe iarbháis a dhéanamh, corpáin agus baill choirp a úsáid le haghaidh scrúduithe agus oideachais anatamaíocha, agus taispeáint phoiblí de chorpáin agus baill choirp.
Chun an táirgeacht a uasmhéadú agus an leas is mó is féidir a bhaint as tiomantas an Chláir Rialtais seo, tá an tAire Sláinte ag deimhniú inniu go bhfuil €1.6 milliún breise de mhaoiniú forbartha nua ann do sheirbhísí.
Tacóidh an maoiniú seo le cur i bhfeidhm na gcéimeanna luatha de Phlean Straitéiseach 2024-2026 um Dheonú Orgán (ODTI) na hÉireann, agus é mar aidhm aige infhaighteacht orgáin a mhéadú le haghaidh trasphlandaithe, an liosta feithimh trasphlandaithe reatha de 601 duine a laghdú, maoiniú a thabhairt do leathnú an Iniúchta Náisiúnta Deontóirí Féideartha (PDA), agus deonú orgán a chur chun cinn tríd an mBille um Fhíochán Daonna agus feachtas feasachta poiblí a chur i bhfeidhm.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Donnelly:
“Anois dírímid ár n-aird ar an ngnó tábhachtach a bhaineann leis an reachtaíocht a thosú agus deiseanna a mhéadú do dhaoine atá ag fanacht le deonú orgán. Leagann an Bille um Fhíochán Daonna, i gcomhar leis an maoiniú breise €1.6 milliún, béim ar mo thiomantas chun tacú le deonú orgán agus le seirbhísí trasphlandaithe in Éirinn. Táim ag súil leis an tionchar dearfach a bheidh aige seo ar shaol na n-othar atá ag fanacht le haghaidh trasphlandaithe."
Tá an Bille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáin Phoiblí) dréachtaithe d'fhonn reachtaíocht a dhéanamh chun:
Tugtar isteach leis an mBille ceanglas reachtúil nua maidir le toiliú ar fud na ngníomhaíochtaí seo go léir chomh maith le cosaintí chun sláine chorp an duine a chosaint roimh an mbás agus ina dhiaidh agus chun cosc a chur ar choinneáil orgán ar bith gan toiliú sa todhchaí.
Leis an mBille um Fhíochán Daonna tugtar isteach córas toilithe rogha an diúltaithe bog chun orgáin a dheonú. Faoin gcóras seo, measfar toiliú le deonú orgán murar chláraigh an duine, agus é beo, a mhian nó a mian gan a bheith ina dheontóir orgáin tar éis bháis. Is athrú é seo ón gcóras reatha ina bhfuil an neasghaol freagrach as cinntí maidir le deonú orgán agus ina nglactar leis gur mian le duine aonair a n-orgán a dheonú tar éis a b(h)áis mura ndéanann siad ráiteas agóide maidir le deonú.
Cé gur cheart go mbeadh mianta an duine nach maireann lárnach d'aon chinneadh, leanfar ag dul i gcomhairle le teaghlaigh mar chuid de phróiseas deonaithe orgán sábháilte agus measúil.
Soláthraíonn an Bille creat breise maidir le deonú orgán agus fíochán agus ceall ó dheontóirí beo lena n-áirítear bunús reachtach a thabhairt isteach le haghaidh deonú beo altrúíoch neamhthreoraithe.
Meastar go gcuideoidh na bearta seo leis an líon deontóirí sa Stát a mhéadú agus spreagfaidh siad deonú orgán chun beatha a shábháil in imthosca inar féidir sin a dhéanamh.
Tugann an Bille um Fhíochán Daonna forálacha toilithe isteach le haghaidh scrúduithe iarbháis neamhchróinéara agus leagtar amach ann creat soiléir maidir leis an gcaoi ar cheart toiliú a fháil agus an fhaisnéis nach mór a thabhairt do theaghlaigh nuair atá toiliú den sórt sin á lorg.
Leasaítear leis an mBille freisin na hAchtanna Cróinéirí chun forálacha breise a thabhairt isteach maidir le cumarsáid agus comhroinnt faisnéise le teaghlaigh i gcásanna ina dteastaíonn scrúdú iarbháis cróinéara.
Déanann an Bille foráil bhreise do rialáil a dhéanamh ar choinneáil, stóráil, úsáid, diúscairt agus aischur orgán agus fíochán ó dhaoine éagtha tar éis scrúdú iarbháis.
Beidh caighdeáin chleachtais níos fearr ar fud an chórais chróinéara agus neamhchróinéara mar thoradh ar an reachtaíocht agus comhlánóidh sí treoirlínte nuashonraithe a d'fhoilsigh ag FSS anuraidh [Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta FSS do Sheirbhísí Scrúdaithe Iarbháis (2023)]
Aisghaireann an Bille um Fhíochán Daonna an Anatomy Act 1832 agus cuireann sé socruithe i bhfeidhm maidir le coirp a dheonú do scoileanna anatamaíochta agus forálacha maidir le caighdeáin a leagan síos a bheidh le comhlíonadh i gcleachtadh anatamaíochta.
Níl aon reachtaíocht ann faoi láthair a rialaíonn coirp a thaispeáint to poiblí. Dá bhrí sin, níl aon chumhachtaí ag an Stát chun imscrúdú a dhéanamh ar bhunús na gcorp atá ar taispeáint go poiblí agus chun idirghabháil a dhéanamh más gá.
Faoin mBille, beidh ceadúnas ag teastáil chun coirp a thaispeáint go poiblí tar éis bháis. Tabharfaidh na forálacha sa reachtaíocht breac-chuntas ar na socruithe toilithe a theastaíonn chun corp nó baill choirp a dheonú lena taispeáint go poiblí agus áiritheoidh siad foinse na samplaí a úsáidtear.