Eitleán Shuirbhéireacht Gheolaíochta ag bailiú sonraí geoifisiceacha in iardheisceart na hÉireann i samhradh na bliana 2024
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Más rud é go mbeidh tú i gCiarraí, i gCorcaigh nó i gcodanna de Luimneach i samhradh na bliana 2024 agus go bhfeicfidh tú eitleán íseal-eitilte, is dóigh gurb é suirbhé Tellus de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann a fheicfidh tú. Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Eitleán bán liáin dhúbailte é an t-eitleán suirbhé, ar féidir é a aithint go héasca mar gheall ar an eireaball dearg agus an stríoc dhubh atá air, agus mar gheall ar an bhfocal 'SURVEY' agus ar an gcláruimhir C-GSGF atá scríofa ar an dá thaobh den eitleán.
Is é is Tellus ann ná clár náisiúnta léarscáilithe atá ceaptha chun sonraí geoiceimiceacha agus geoifisiceacha a bhailiú faoi charraigeacha, faoi ithir agus faoi uisce ar fud na hÉireann. Cuireadh tús leis an gclár 13 bliana ó shin mar chomhthionscnamh idir suirbhé geolaíochta na hÉireann agus suirbhé geolaíochta Thuaisceart Éireann. Chun na sonraí sin a bhailiú, tá trealamh eolaíoch feistithe ar eitleán a eitlíonn i bpatrún eangaí. Sa bhliain 2024, beidh an t-eitleán suirbhé lonnaithe ag Aerfort na Sionna, agus eitleoidh sé 60 méadar os cionn limistéir thuaithe – thart ar ocht n-uaire na hairde atá i dteach dhá stór – agus 240 méadar os cionn limistéir uirbeacha thar na míonna atá le teacht, mar a cheadaigh Údarás Eitlíochta na hÉireann. Rachaidh an t-eitleán amach faoin aer os cionn chontae Chiarraí, chontae Chorcaí agus codanna de chontae Luimnigh i mí an Mheithimh, agus fanfaidh sé san aer suas go deireadh an fhómhair, ag brath ar an aimsir.
Dúirt an Dr James Hodgson, bainisteoir tionscadail Tellus i Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann:
"Is iontach an rud é go mbeidh an t-eitleán san aer an athuair don chéim dheireanach den tsuirbhéireacht aerbheirthe. Agus breis agus 80% den oileán cumhdaithe cheana féin, tá ár bhfoireann ag tnúth le haghaidh a thabhairt ar an sciar atá fágtha den tionscadal substaintiúil seo. A bhuí leis na sonraí aerbheirthe a táirgeadh cheana féin, cabhraíodh linn ár léarscáileanna geolaíochta a fheabhsú agus ár léarscáiliú riosca radóin a bhreisiú, agus éascaíodh taighde nua ar thruailliú comhshaoil agus ar tháirgiúlacht talmhaíochta agus an staidéar ar thailte portaigh."
Is é is aidhm don chlár go mbeidh 100% d’Éirinn léarscáilithe faoi dheireadh na bliana 2025, agus an acmhainneacht ag na sonraí iarmhartacha tairbhí dearfacha eacnamaíocha, comhshaoil agus talmhaíochta a sholáthar trí chabhrú leis an tuiscint ar an timpeallacht áitiúil, ar an dóigh a mbainistítear ithir agus ar an acmhainneacht acmhainní nádúrtha sna contaetha sin. Foilsítear na sonraí a bhailítear trí thionscadal Tellus, agus cuirtear iad ar fáil do gach duine saor in aisce ar shuíomh gréasáin Tellus.
Mar gheall ar airde íseal-eitilte an aerárthaigh suirbhé, moltar d’aon duine a bhfuil imní air/uirthi faoi bheostoc íogair glao a chur ar Líne Faisnéise Saorfhóin Tellus ar 1800455565. Beidh foireann Tellus sásta faisnéis a sholáthar faoi phleananna eitilte atá le teacht.
CRÍOCH