Tá Cruinniú na nÓg ar ais arís i mbliana!
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg, atá ar an bhfód le cúig bliana anuas, a bhfuil tacaíocht aige ó na hÚdaráis Áitiúla agus ó RTE.
Mhol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., do dhaoine óga inniu páirt a ghlacadh sa spraoi a bhaineann le hócáid na bliana seo, agus triail a bhaint as rud éigin cruthaitheach ina gceantar áitiúil.
De bharr go mbeidh na céadta imeachtaí, ceardlann, taispeántas agus léirithe, ina ndíreofar go speisialta ar cheardlanna do thosaitheoirí le hiad a spreagadh chun tabhairt faoi rud éigin nua, saor in aisce ar siúl, is iontach an deis é Cruinniú na nÓg do dhaoine óga an mhian rúnda atá acu a bhaint amach nó an chruthaitheacht atá iontu a scaoileadh!
Áirítear ar na buaicphointí:
• Dhá tobléiriú damhsa dhéag arna bhforbairt ag compántais damhsa áitiúla don óige, le tacaíocht ó Damhsa Éireann.
• Ocht gceolchoirm bheo Garageland i mBaile Átha Cliath, sa Mhí, i nDún na nGall, i bPort Láirge, i dTiobraid Árann, i gCiarraí, i gCill Mhantáin, sa Chabhán agus i Muineachán, ina mbeidh cuid de na bannaí óga is fearr sa tír ag seinm.
• Ceardlanna i scileanna sorcais leis an Irish Street Arts, Circus and Spectacle Network (ISACS), agus ionaid tiomnaithe i gCloch Shiurdáin, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.
• Saor-rochtain ar ghníomhaíochtaí cruthaitheachta i dTeach agus Gairdíní Chill Ruaidhrí i gCill Mhantáin, i dTeach Chill Mhic Aodha i Loch Garman, i gCaisleán Bhiorra in Uíbh Fhailí agus i dTeach Enniscoe i Maigh Eo.
• Féile Scannán an Aonaigh do Leanaí lena n-áireofar taispeáintí 10 gearrscannán a chruthaigh daltaí na scoileanna rannpháirteacha.
• 50 ceardlann ar fud na tíre chun blaiseadh d’amharclannaíocht don óige a chur ar fáil.
• Fógrófar buaiteoirí chomórtas This is Art.
• Beidh TG4, le tacaíocht ó rannán na Gaeltachta den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ag taispeáint 4 scannán a rinne daltaí Idirbhliana a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáistí.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.:
"Is í Éire an t-aon tír ar domhan a thionólann lá saor in aisce don chruthaitheacht do leanaí agus do dhaoine óga na tíre, agus ba cheart go mbeimis an-bhródúil as sin. Is ionann Cruinniú na nÓg 2022 agus deis iontach do dhaoine óga na hÉireann a gcuid scileanna cruthaitheachta a thaispeáint agus anuas air sin, triail a bhaint as rud éigin nua. I bhfianaise air sin, tá ríméad ar leith orm go bhfuil an oiread sin ceardlann do thosaitheoirí mar chuid de chlár na bliana seo. D’fhéadfadh sé seo a bheith ar an bpointe a lasfadh splanc na samhlaíochta i leanbh agus a spreagfadh grá do chultúr agus don chruthaitheacht ar feadh a shaoil.
Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis na foirne Cultúir agus Cruthaitheachta sna 31 Údarás Áitiúil a bhfuil réimse breá d'imeachtaí do dhaoine de gach aois agus de gach spéis curtha i dtoll a chéile acu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do RTÉ chomh maith nach féidir luach a chur ar an méid tacaíochta atá tugtha aige do Chruinniú na nÓg ón uair a thosaigh sé."
Tá Cruinniú na nÓg ar cheann de phríomhthionscnaimh Chlár Éire Ildánach Óige Chruthaitheach chun cumas cruthaitheach gach linbh agus duine óig a chumasú. Féachtar leis rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa chultúr agus sa chruthaitheacht - gníomhaíochtaí mar ealaín, ceol, ceardlanna códála agus amharclainne, léirithe, taispeántais, léitheoireacht, léirithe scannán agus neart eile - a cheiliúradh agus a spreagadh.
Beidh Cruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn an 11 Meitheamh seo chugainn agus is féidir sonraí a fháil maidir leis na himeachtaí ag https://cruinniu.creativeireland.gov.ie
Nótaí d'Eagarthóirí:
Tionscnamh cultúr-bhunaithe, uile-rialtais cúig bliana atá i gClár Éire Ildánach faoi stiúir na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ina leagtar béim ar an tábhacht atá le cruthaitheacht an duine maidir le folláine an duine, an phobail agus na sochaí. https://creativeireland.gov.ie
Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg a bhfuil tacaíocht aige ó na hÚdaráis Áitiúla agus ó RTÉ. Is ceann de phríomhghníomhaíochtaí Óige Chruthaitheach é, plean chun cumas cruthaitheach gan linbh agus duine óig a chumasú. Reáchtáladh an chéad Cruinniú na nÓg, a raibh breis is 500 gníomhaíocht don chruthaitheacht saor in aisce mar chuid de, Dé Sathairn an 23 Meitheamh 2018.