Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 28 Bealtaine 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 9 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,639* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 27 Bealtaine cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 46 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 24,841 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Déardaoin an 28 Bealtaine) chun leanúint lena n-athbhreithniú ar fhreagairt leanúnach agus ullmhacht na hÉireann maidir le COVID-19.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte;
“Le linn na paindéime seo, dhírigh NPHET go comhsheasmhach ar bhásmhaireacht, agus aird aici ar an uaigneas a chruthaíonn na mbásanna sin do theaghlaigh.
“D'ullmhaigh agus phléigh NPHET páipéar básmhaireachta inniu agus aithníonn sé go raibh básmhaireacht in Éirinn laistigh den raon níos ísle i dtéarmaí foriomlána i gcomparáid le córais sláinte eile ar fud na hEorpa.
“Leanfaidh Éire ag tuairisciú básanna deimhnithe agus dóchúla ó COVID-19 i ngach suíomh agus díreoidh sí bearta sláinte poiblí chun ualach na básmhaireachta a theorannú."
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte;
“Inniu, d’aontaigh NPHET i bprionsabal go n-áireofaí sa sainmhíniú cás caillteanas tobann bolaidh (anosmia) agus caillteanas blais (ageusia). Tá sé seo faoi réir treorach nuashonraithe ón ECDC. Tá súil go bhfoilseofar é sin amárach.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann;
“Meastar gur ionann an uimhir atáirgthe agus 0.5 faoi láthair. Tá iontrálacha chuig ICU agus an ospidéil agus líon na mbásanna in aghaidh an lae ag laghdú i gcónaí. Tá líon na gcásanna in aghaidh an lae seasmhach.
“An tseachtain seo chugainn feicfimid figiúirí a léiríonn tionchar bhearta Chéim 1 ar phríomhtháscairí leata galar. Tá súil againn go bhfanfaidh an uimhir atáirgthe faoi bhun a haon agus go gcaomhnófar ár ndul chun cinn. "
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr de 1,639 bás an méid sin.