Ár dTodhchaí Tuaithe: Conradh seirbhíse aeir €4.9 milliún d’Oileáin Árann fógartha ag an Aire Humphreys
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, go bhfuil conradh seirbhíse aeir ar luach €4.9m bronnta do na hOileáin Árainn.
Tiocfaidh an conradh faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO) i bhfeidhm Dé Máirt an 7 Meitheamh ar feadh ceithre bliana agus cinntítear leis go mbeidh nasc riachtanach leis an mórthír do phobail na n-oileáin agus cuirfidh sé go mór leis an turasóireacht.
Beidh a seirbhís dhíreach féin ag Inis Meáin agus Inis Oírr den chéad uair.s
Bronnadh an conradh ar Galway Aviation Services Limited a bhíonn ag trádáil mar Aer Arann Islands i ndiaidh dianchomharliúchán le páirtithe leasmhara ar na hoileáin agus próiseas soláthair iomlán.
Is éard a dúirt an tAire Humphreys agus bronnadh an chonartha á fhógairt:
“Tugann an conradh seo cinnteacht do phobail Oileáin Árainn. Cinntíonn sé seo go mbeidh seirbhís aeir ar féidir brath uirthi agus atá ar phraghas réasúnta ar fáil acu ó Aerfort Chonamara ó cheann ceann na bliana. Agus den chéad uair, beidh eitiltí díreacha againn go hInis Meáin agus Inis Oírr – dhá oileán aoibhinn a bhfuil saibhreas staire, cultúir agus béaloidis ag baint leo. Is dea-scéala é seo do phobal na n-oileán seo, agus seolann sé teachtaireacht láidir amach ag tús an tséasúir turasóireachta. Níl bealach níos deise le saoire an tsamhraidh a chaitheamh ná ar Oileáin Árainn nó ar cheann ar bith de na hoileáin amach ón gcósta. Cinntíonn an conradh seo go mbeidh eitiltí rialta, díreacha ó Aerfort Chonamara – atá ar leas mhuintir Árainn agus turasóirí araon. Léiríonn scéal an lae inniu go bhfuil mise mar Aire ag cloí le m’fhocal chun ár bpolasaí uaillmhianach forbartha tuaithe, ‘ Ar dTodhchaí Tuaithe’ a chur i bhfeidhm agus áit lárnach ag na hoileáin ann.
Cuirfear 68,274 suíochán PSO ar fáil gach bliain go dtí na trí Oileán Árann faoin gconradh seo a rithfear ó Aerfort Chonamara, atá in úinéireacht an Stáit ón mbliain 2019.
Tabharfar scéim sceidealaithe sholúbtha isteach freisin leis an gconradh a fhágfaidh go mbeidh an aerlíne ábalta freagairt d’éilimh ar sheirbhísí áitiúla ar bhealach níos fearr, amhail féilte agus imeachtaí ar na hoileáin. Cuirfear eitiltí ‘Ad Hoc’ agus ‘eitiltí sceidealaithe nach eitiltí PSO’ iad ar fáil freisin chun na héilimh a sháraíonn an leithdháileadh suíocháin comhaontaithe a shásamh.