Molann an Rialtas ceapacháin chuig Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá moltaí na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí maidir le seisear iarrthóirí a cheapadh chuig Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas tugtha dá haire agus glactha ag an gComh-aireacht inniu, an 4 Iúil 2023, ag teacht leis an bpróiseas atá leagtha amach in Alt 13 d’Acht na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014.
Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, a chuir na moltaí faoi bhráid an Rialtais:
Tugann na hiarrthóirí atá á gceadú réimse leathan saineolais agus peirspictíochtaí luachmhara a thacóidh le cumas Coimisiúin na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ina ról i gcosaint chearta an duine agus i gcosaint an chomhionannais in Éirinn, agus i dtógáil cultúir measa ar chearta an duine, ar chomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha.
Cuirfear na moltaí seo, a d’eascair as próiseas neamhspleách de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, ar aghaidh anois lena gceadú chuig Tithe an Oireachtais agus chuig an Uachtarán. Tá an próiseas ceapacháin do chomhaltaí an Choimisiúin á rialú ag Alt 13(1)(b) d’Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Foráiltear leis an Acht go gceapfaidh an tUachtarán (a) comhaltaí den Choimisiún ar chomhairle an Rialtais, agus (b) tar éis rún a rith ó gach Teach den Oireachtas ag moladh an cheapacháin.
Críoch
Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas institiúid náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus comhlacht comhionannais. Is comhlacht poiblí neamhspleách é a bhfuil sainordú aige a bunaíodh faoi Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 chun cearta an duine agus comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn. Ina theannta sin, féachann sé le cultúr a fhorbairt ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar chomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha sa stát. Is é an misean atá aige ná “sochaí atá cóir agus cuimsitheach a thógáil a dhéanann cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn.”
De réir Acht 2014, thug an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí faoi phróiseas roghnúcháin le déanaí chun seisear comhaltaí den Choimisiún a cheapadh.
I gcomhair ceapacháin: