Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonruithe ar straitéis na hÉireann maidir le vacsaín do bholgach moncaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ghlac an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le moltaí nua maidir le clár vacsaínithe Bolgach Moncaí na hÉireann.
Dé hAoine seo caite, thug an an Ghhníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) comhairle cothrom le dáta maidir le húsáid indeirmeach vacsaíní do bholgach moncaí. Rinne an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) an chomhairle seo a mheas agus tá moltaí déanta acu don Phríomhoifigeach Leighis eatramhach (iCMO), an tOllamh Breda Smyth, a thacaigh leis na moltaí seo.
Mhol NIAC dhá dháileog den vacsaín do Bholgach Moncaí a riar go hindeirmeach le 28 lá eatarthu.
Thug NIAC le fios go bhfuil na moltaí seo maidir le riarachán indeirmeach na vacsaíne eatramhach agus go bhfuil soláthar domhanda na vacsaíne fós gann.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Fáiltím roimh nuashonrú an lae inniu ar ár gclár vacsaíní. D'fhéadfadh na moltaí is déanaí seo ó NIAC foráil a dhéanamh do mhéadú faoi chúig ar dháileoga den vacsaín agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill NIAC as a n-athbhreithniú tapa ar an bhfianaise is déanaí.
“Cé gur féidir le duine ar bith, beag beann ar a ngnéasacht, bolgach moncaí a fháil, tugann sonraí faireachais le fios go mbaineann formhór na gcásanna in Éirinn le fir a fhéinaithníonn mar fhir aeracha, dhéghnéasach nó fir eile a mbíonn gnéas acu le fir (gbMSM). Bhí roinnt cruinnithe agam le páirtithe leasmhara agus ionadaithe an phobail seo i rith an tsamhraidh agus leanfaidh mé orm ag obair le mo Roinn agus le FSS chun an rannpháirtíocht úsáideach oscailte seo a éascú."
Dúirt an tOllamh Smyth:
“Is lá tábhachtach é an lá inniu agus muid ag leanúint ar aghaidh ag vacsaíniú na ndaoine is mó atá i mbaol ó ionfhabhtú. Cumasóidh na moltaí seo rolladh amach níos forleithne an chláir vacsaínithe. Leanfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach maidir le Bolgach Moncaí ag obair le Foireann Bainistíochta Géarchéime FSS agus leis na Ceannairí Cliniciúla Sláinte Gnéis chun ár gclár vacsaíne a chur chun cinn agus tacú leis.
“Má tá aon siomptóim de ghríos agat nó má tá fiabhras ort le gríos, ba chóir duit dul chuig aonad sláinte gnéis nó do dhochtúir teaghlaigh chun comhairle a fháil. Féin-aonraigh don tréimhse riachtanach ama má dhéantar diagnóis go bhfuil ionfhabhtú ort, nó má tá tú ag fanacht le torthaí tástála. Má thairgtear an vacsaín duit, tá sé an-tábhachtach go bhfreastalóidh tú ar do choinne don vacsaín. Is é an bealach is fearr chun tú féin a chosaint ná iompraíochtaí laghdaithe riosca a dhéanamh amhail áitreabh ardriosca a sheachaint, imeachtaí ardriosca a sheachaint ina bhfuil sé deacair teagmháil chraicinn le craiceann a sheachaint agus iompraíochtaí sábháilte gnéis a chleachtadh."