Méadú tagtha ar an aois scoir éigeantaigh d'Óglaigh na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Micheál Martin inniu gur foilsíodh an reachtaíocht maidir leis an aois scoir éigeantaigh a mhéadú do phearsanra Óglaigh na hÉireann ó 60 go 62.
I mí an Mhárta, rinne an Tánaiste an aois scoir éigeantaigh a mhéadú go 60 bliain do gach céimneach de chuid Óglaigh na hÉireann a bhfuil aois scoir faoi bhun 60 acu.
Thug sé le fios an tráth sin go ndéanfaí reachtaíocht a achtú go luath chun go bhféadfaí an aois scoir éigeantaigh a mhéadú go 62 bliain d’aois.
D'fhaomh an rialtas an méadú breise ar an aois scoir an tseachtain seo, méadú a thiocfaidh i bhfeidhm ar an reachtaíocht ábhartha d'achtú.
Ag fáiltiú roimh fhoilsiú na reachtaíochta chun an aois scoir éigeantaigh a mhéadú go 62, dúirt an Tánaiste: “Cuirfidh an beart tábhachtach seo ar chumas Óglaigh na hÉireann cuid dá phearsanra is oilte agus is mó taithí a choinneáil agus muid ag féachaint ag an am céanna le daoine nua a earcú don ghairm spreagúil tairbheach seo.
“Is cuid é seo d’infheistíocht leanúnach inár bhFórsaí Cosanta, inar cuireadh cúram sláinte príobháideach ar fáil do gach ball chomh maith le méaduithe ar liúntais agus infheistíocht shuntasach i mbonneagar.”
Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Sean Clancy:
“Fáiltím roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh chun na haoiseanna scoir éigeantaigh a mhéadú tuilleadh do chomhaltaí uile d'Óglaigh na hÉireann ó 60 go 62 bliain d’aois. Feidhmeoidh an tionscnamh seo mar bheart tábhachtach coinneála , lena soláthrófar ráthaíocht tionachta dár gcomhaltaí atá ag fónamh agus tacófar leis le claochlú Óglaigh na hÉireann."