D'fhógair an tAire McConalogue €8.5 milliún d'íocaíochtaí faoin Scéim um Chúnamh Próitéine
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu gur cuireadh tús le heisiúint íocaíochtaí d'fheirmeoirí faoin Scéim um Chúnamh Próitéine.
Tacaíonn an scéim um Chúnamh Próitéine le feirmeoirí curaíochta barra fosaithe Nítrigine a shaothrú, rud a théann chun tairbhe an-mhór don chomhshaol.
Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí dar luach €8.5 milliún san iomlán a eisiúint faoin Scéim um Chúnamh Próitéine 2023 agus go mbeidh siad le feiceáil i gcuntais bhainc feirmeoirí sna laethanta amach romhainn.”
Chomh maith leis sin, dúirt an tAire:
“Is tacaíocht thábhachtach í an íocaíocht a chuirtear ar fáil faoin scéim seo d’fheirmeoirí curaíochta chun barraí próitéine a fhás, lena n-áirítear pónairí, piseanna, lúipíní agus na barra próitéine agus meascán arbhair. Soláthraíonn na barra próitéine seo raon buntáistí comhshaoil agus laghdaíonn siad ár spleáchas ar fhoinsí próitéine allmhairithe le haghaidh bia ainmhithe. Mar aitheantas ar na buntáistí seo, cuireadh os cionn a dhá oiread maoinithe leis an Scéim um Chúnamh Próitéine sa Phlean Straitéiseach CBT reatha chun buiséad méadaithe €35m a chur ar fáil thar shaolré an phlean.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
“In 2023, bhí an-tóir ar an Scéim um Chúnamh Próitéine i measc feirmeoirí curaíochta, rud a chonaic leathnú 50% ar na heicteáir iomlána a cuireadh le Barra Próitéine i gcomparáid leis na blianta roimhe sin. Mar thoradh air sin, tá maoiniú breise €3m curtha ar fáil agam os cionn an bhuiséid bhliantúil mhéadaithe de €7m atá méadaithe cheana féin, rud a fhágann gur €10 milliún an buiséad iomlán do Chúnamh Próitéine in 2023.”
Leanfar le heisiúint íocaíochtaí don earnáil curaíochta tríd an Scéim Dreasachta Curaíochta agus tríd an mBeart Ionchorpraithe Tuí a bheidh le tosú ar eisiúint íocaíochtaí sa tseachtain amach romhainn.
Nótaí don Eagarthóir
Is Scéim tacaíochta cúpláilte deonaí í Scéim na Próitéine atá maoinithe ag an AE faoi Airteagal 33 de Rialachán AE 2021/2115. Tugadh isteach í chun cúnamh a thairiscint d'fhonn barra próitéine a shaothrú leis an spleáchas ar phróitéin allmhairithe le haghaidh úsáide i mbianna ainmhithe a mhaolú.
In 2023, cuireadh €10 milliún i leataobh don Scéim Um Chúnamh Próitéine, agus tá tús á chur anois le híocaíochtaí don líon 1,350 iarratasóir nó mar sin. Tá an ráta don bhliain seo socraithe ag €583 in aghaidh an heicteáir do phónairí, piseanna, lúipíní agus soighe, le híocaíocht leathráta de €291.50 in aghaidh an heicteáir don Phróitéin agus Meascán Arbhair. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé go dtógfadh íocaíochtaí suas le 5 lá go mbeidís i gcuntais feirmeoirí.
Ar aon dul le blianta roimhe seo, níl gach iarratas faofa faoi láthair le haghaidh íocaíochta faoin Scéim um Chúnamh Próitéine. Leanfar le rith rialta pá sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go bpróiseálfar cásanna faofa lena n-íoc chomh tapa agus is féidir.
Is féidir le feirmeoirí glaoch ar an Deasc Chabhrach ag 057-8674422. Is féidir le feirmeoirí aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne ar www.agfood.ie nó trí ríomhphost a chur chuig Protein@agriculture.gov.ie