Rochtain bhuan ar an bhForlíonadh Cíosa le haghaidh Íospartaigh Drochíde sa Teaghlach fógartha ag an Aire Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go mbeidh sé níos éasca ag íospartaigh drochíde sa teaghlach rochtain a fháil ar an bhforlíonadh cíosa go buan.
Bunaíodh an prótacal chun cabhrú le híospartaigh drochíde sa teaghlach rochtain a fháil ar an bhforlíonadh cíosa mar fhreagairt don Phaindéim.
Inniu dheimhnigh an tAire gur gné bhuan den Scéim Forlíonta Cíosa a bheidh sa bheart sealadach.
Cinnteoidh an beart seo gur féidir le híospartaigh de dhrochíde sa teaghlach leanúint le rochtain láithreach a fháil ar an bhforlíonadh cíosa le haghaidh tréimhse trí mhí d’fhonn a chinntiú nach bhfuil cosc orthu a dteach a fhágáil mar gheall ar dheacrachtaí airgid.
Ní bheidh an ghnáth-thástáil acmhainne forlíonta cíosa i bhfeidhm don tréimhse trí mhí seo.
I ndiaidh na dtréimhse trí mhí, d’fhéadfaí síneadh trí mhí eile a cheadú, faoi réir an ghnáthmheasúnaithe tástála acmhainne forlíonta cíosa.
I ndiaidh sé mhí, má tá riachtanach tithíochta fadtéarmach ag an tionónta, is féidir leis/léi iarratas ar thacaíochtaí tithíochta sóisialta a chur faoi bhráid a n-údaráis tithíochta áitiúil agus má tá sé/sí incháilithe, beidh sé/sí in ann Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) a rochtain, tacaíocht tithíochta sóisialta atá á cur ar fáil ag Údaráis Áitiúla.
D’fhógair an tAire an méid seo i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar an fhorlíonta cíosa ó bunaíodh é i mí Lúnasa 2020.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys faoin mbeart:
“Cúis áthais dom an rochtain shealadach ar an bhforlíonadh cíosa le haghaidh íospartach de dhrochíde sa teaghlach a bhunú mar ghné bhuan den scéim.
“Ainneoin gur tugadh an beart seo isteach i rith na paindéime, tuigim go mbeidh gá le réasúnacht bhunúsach na tacaíochta seo nuair a bheidh deireadh le tionchar na paindéime agus go ceann i bhfad.
“Mar thoradh ar na hathruithe atá á bhfógairt agam inniu, leanfaidh íospartaigh de dhrochíde sa teaghlach ag baint tairbhe as an díolúine ón ngnáth-thástáil acmhainne a bhíonn ag teastáil chun cáiliú le haghaidh an Fhorlíonta Cíosa le haghaidh trí mhí.
“I ndiaidh trí mhí, déanfar athbhreithniú ar theidlíocht leantach an duine bunaithe ar an ngnáth-thástáil acmhainne atá luaite leis an scéim.
“Bhunaigh mé an beart seo bunaithe ar phrótacal comhaontaithe le TUSLA chun cur ar chumas seirbhísí atá á maoiniú ag an ngníomhaireacht atreoruithe a dhéanamh chuig mo Roinn le haghaidh rochtain ar an bhforlíonadh cíosa d’íospartaigh de dhrochíde sa teaghlach trí chainéal tiomanta.
“Is tacaíocht luachmhar atá ann do dhaoine a mbíonn orthu déileáil le heispéireas ciúin agus scanrúil.”
Sa tréimhse idir Lúnasa 2020 agus Meán Fómhair 2021, bhain 144 íospartach de dhrochíde sa teaghlach tairbhe as an mbeart forlíonta cíosa.
CRÍOCH