Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte seoladh ciste meabhairshláinte €1 milliún le dáileadh i gcomhpháirtíocht le Meabhairshláinte Éireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, inniu seoladh ciste €1 milliún atá romhainn amach atá le dáileadh i gcomhpháirtíocht le Meabhairshláinte Éireann. Is é cuspóir an chiste, a rachaidh beo ar an 31 Eanáir, ná tacú le hobair roinnt grúpaí áitiúla a sholáthraíonn seirbhísí meabhairshláinte ríthábhachtacha ar fud na tíre.
Dúirt an tAire Butler go bhfuil
“an ciste seo mar chuid den leithdháileadh breise, aonuaire de €10 milliún do mheabhairshláinte a fógraíodh ar Lá an Bhuiséid chun eispéiris na ndaoine a úsáideann seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte a fheabhsú tuilleadh.
“Is cuid ríthábhachtach den leithdháileadh foriomlán seo an ciste €1 milliún agus soláthróidh sé deontais aonuaire idir €5,000 go €30,000, deartha chun spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí deonacha áitiúla agus freagairt do riachtanais mheabhairshláinte ar leith ina gceantair áitiúla.”
Fáiltíonn Martin Rogan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Mheabhairshláinte Éireann roimh an deis an próiseas iarratais ar dheontas a éascú á rá go bhfuil
“taifead fad-bhunaithe ag Meabhairshláinte Éireann ag obair le pobail agus le raon leathan comhpháirtithe ag cur tionscnaimh mheabhairshláinte chun cinn ag leibhéal áitiúil.”
Ag obair laistigh de chritéir leithdháilte atá sainmhínithe go soiléir, seolfaimid tairseach iarratais ar líne Dé Luain an 31 Eanáir, agus lorgóimid iarratais ó ghníomhaireachtaí incháilithe chun tograí a chur isteach a chuirfidh moltaí an bheartais náisiúnta meabhairshláinte ‘An Fhís a Roinnt’ chun cinn agus nó a chomhlíonfaidh cuspóirí ‘Ceangail ar Feadh an tSaoil, straitéis náisiúnta na hÉireann chun féinmharú a laghdú’.
Áireofar ar an tairseach treoir maidir le conas iarratas a dhéanamh agus leagfar amach go soiléir na critéir incháilitheachta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag mentalhealthireland.ie.
Ar deireadh dúirt an tAire Butler
“gur féidir le tacaíochtaí áitiúla oiriúnaithe tionchar suntasach a bheith acu ar shaol daoine trí dhul i dteagmháil le riachtanais áitiúla agus freagairt dóibh. Soláthraíonn an ciste seo fíordheis chun torthaí meabhairshláinte agus folláine a fheabhsú do gach ball dár bpobail”.