Cathaoirleach neamhspleách do Choiste Náisiúnta um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht An Fhís a Chomhroinnt fógartha ag an Aire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, go raibh John Saunders, Uasal, ceaptha ina chathaoirleach neamhspleách ar an gCoiste Náisiúnta um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht, an coiste a bheidh freagrach as cur ar aghaidh agus maoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bheartais An Fhís a Chomhroinnt - Beartas Meabhairshláinte do Chách. Tá baill an Choiste Náisiúnta um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht á roghnú faoi láthair agus ceapfar na comhaltaí roimh dheireadh mhí na Samhna.
Cuirtear an-bhéim sa doiciméad beartais An Fhís a Chomhroinnt - Beartas Meabhairshláinte do Chách 2020-2030 ar na torthaí a bhaintear amach do dhaoine a úsáideann seirbhísí meabhairshláinte. Cuirfidh an beartas leis an méid atá bainte amach le Fís don Athrú, agus béim á cur ar cheanglais thras-earnálacha agus idir-rannacha chun feabhas a chur ar thorthaí meabhairshláinte mhuintir na hÉireann, thar saolré an duine aonair. Féachann an beartas le seirbhísí a fheabhsú ar fud contanaim tacaíochtaí, ón meabhairshláinte a chur chun cinn, drochshláinte mheabhrach a chosc agus idirghabhálacha luath a dhéanamh ar ghéarsheirbhísí agus ar shainseirbhísí, agus é mar aidhm ag an mbeartas riachtanais an duine aonair a chur i lár baill ó thaobh soláthair seirbhíse de. Is céim thábhachtach ó thaobh na gcuspóirí sin a bhaint amach Cathaoirleach a cheapadh chun an Coiste Náisiúnta um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht a stiúradh.
Dúirt an tAire Butler:
“Is ríthábhachtach do rathúlacht an Choiste Náisiúnta um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht agus do chur chun feidhme éifeachtach an bheartais An Fhís a Chomhroinnt cathaoirleach neamhspleách a cheapadh ar an gCoiste Náisiúnta um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht. Tá an-mheas ar an Uasal Saunders san earnáil dheonach agus pobail, agus tá raon leathan eolais aige i réimse na meabhairshláinte. Cinnteoidh a naisc leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte go mbeidh tosaíochtaí an Choiste Náisiúnta um Chur Chun Feidhme agus Monatóireachta i gcomhréir le beartas an Rialtais agus go rachaidh feabhsuithe sna seirbhísí seo chun leasa na ndaoine is mó a dtéann fadhbanna meabhairshláinte i bhfeidhm orthu."
Dúirt John Saunders
"Is mór an phribhléid dom é glacadh leis an ról ríthábhachtach seo. Is doiciméad beartais forásach é An Fhís a Chomhroinnt a dhíríonn ar mheabhairshláinte agus folláine na tíre a fheabhsú trí rochtain a sholáthar ar thacaíochtaí meabhairshláinte tráth agus áit a mbíonn siad de dhíth. Chomh maith leis sin, soláthraíonn an beartas seo treochlár chun forbairt bhreise a dhéanamh ar sheirbhísí dóibh siúd a bhfuil riachtanais chasta mheabhairshláinte acu.
"Cé go bhfuil a fhios maith agam go mbaineann an-dúshlán leis an ról seo, táim tiomanta do chomhoibriú a dhéanamh le comhaltaí choiste agus fo-choistí an Choiste Náisiúnta um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht, le FSS agus le ranna Rialtais chun a chinntiú go ndéanfar moltaí an bheartais An Fhís a Chomhroinnt a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtúil tráthúil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Butler as an gceapachán seo. Táim ag súil go mór le dul i mbun oibre leis an Aire agus leis an gCoiste Náisiúnta um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht ar fad."
Críoch
Beathaisnéis John Saunders
Tá John Saunders ina Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht Shine, Ag Tacú le Daoine a n-Imríonn Drochshláinte Mheabhrach Tionchar Orthu, eagraíocht dheonach náisiúnta a thacaíonn le daoine aonair agus lena mbaill teaghlaigh.
Bhí sé ina bhall den Sainghrúpa a bunaíodh in 2003 chun athbhreithniú agus uasdátú a dhéanamh ar an mbeartas um sheirbhísí meabhairshláinte as a dtáinig an beartas Fís don Athrú. Bhí sé ina bhall freisin de Ghrúpa Oibre an Fhóraim Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialaigh maidir le Meabhair-Shláinte agus Uilechuimsitheacht Shóisialach.
Ba bhall freisin é de Bhoird Stiúrthóirí EUFAMI (Eagraíocht Eorpach de chumainn dheonacha um meabhairshláinte a dhéanann ionadaíocht ar theaghlaigh) agus Athchóiriú na Meabhairshláinte.
I mí an Mheithimh 2009, ceapadh é ina Chathaoirleach ar an 2ú Grúpa Neamhspleách Monatóireachta chun maoirsiú agus tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bheartais a leagtar amach sa bheartas An Fhís don Athrú.
Tá John ina chomhalta boird den Bhord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faoi láthair agus is cathaoirleach é den Choimisiún Meabhair-Shláinte. Tá cáilíochtaí altranais bainte amach aige, chomh maith le céim san Eacnamaíocht agus Riarachán Poiblí.