Buaileann an tAire Paschal Donohoe le Catherine Collins tar éis di a bheith ceaptha mar Athbhreithneoir Creidmheasa
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis don Rialtas í a cheapadh, bhuail an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, leis an Athbhreithneoir Creidmheasa nua, Catherine Collins (ceann an Athbhreithnithe Creidmheasa) agus leis an Athbhreithneoir Creidmheasa atá ag dul as oifig, an tUasal John Trethowan, Dé Luain an 20 Meán Fómhair.
Bunaíodh ról an Athbhreithneora Creidmheasa in 2010 agus is é an phríomhfheidhm atá aige ná scrúdú a dhéanamh ar chinntí creidmheasa d’iasachtaithe FBM nó feirme a raibh a n-iarratas ar chreidmheas suas le €3 mhilliún diúltaithe nó laghdaithe ag bainc rannpháirteacha (AIB, BOI, PTSB agus Ulster Bank), agus a bhraitheann go bhfuil tairiscint ghnó inmharthana acu. Cé nach féidir leis an Athbhreithneoir Creidmheasa treoir a thabhairt d’fhoras rannpháirteach creidmheas a sholáthar, ceadaíodh creidmheas don chuid is mó de na cásanna a thacaigh Athbhreithniú Creidmheasa leo.
Is í Catherine an Leas-Athbhreithneoir Creidmheasa ag Athbhreithniú Creidmheasa ó bunaíodh í in 2010, agus d’oibrigh sí le breis agus 1200 FBM agus feirm a raibh deacrachtaí acu rochtain a fháil ar chreidmheas bainc. D’oibrigh Catherine roimhe seo ar feadh breis agus 20 bliain i réimsí an airgeadais, na forbartha gnó agus na hinfheistíochta, san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon. Is cuntasóir agus anailísí infheistíochta cáilithe agus céimí de chuid Choláiste na Tríonóide í.
Tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD:
“Tá an-áthas orm bualadh le Catherine tar éis a ceaptha mar Athbhreithneoir Creidmheasa. Tá saibhreas taithí agus eolais ag Catherine óna cuid ama in Athbhreithniú Creidmheasa a thabharfaidh sí chuig a ról nua. Le linn a tréimhse in Athbhreithniú Creidmheasa, léirigh sí a tiomantas soiléir chun a chinntiú gur féidir le FBManna inmharthana rochtain a fháil ar an gcreidmheas a theastaíonn uathu.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun buíochas a ghabháil leis an Athbhreithneoir Creidmheasa atá ag dul as oifig, an tUasal John Trethowan, as a bhlianta seirbhíse d’Athbhreithniú Creidmheasa”.