Deontas €245k ceadaithe do Chomhairle Pobail agus Cheantair Bhaile Mhúirne chun páirc uile-aimsire a thógáil
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., inniu 8 Nollaig go bhfuil deontas €245,010 nó 80% den chostas ceadaithe aige do Chomhairle Pobail agus Cheantair Bhaile Mhúirne, Co. Chorcaí chun páirc uile-aimsire a thógáil.
Beidh an pháirc uile-amisire seo lonnaithe in LPT Mhúscraí ar shuíomh glas i gcroílár shráidbhaile Bhaile Bhuirne. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas an choiste an obair thógála a chur i gcrích agus táillí gairmiúla a íoc.
Agus é ag labhairt faoin deontas inniu, dúirt Aire Stáit O’Donovan:
“Tá an choiste seo ag obair ar an togra seo le tamall; tá sé luaite go sonrach sa phlean teanga don LPT agus tá tacaíocht láidir faighte acu ó scoileanna, ó chumainn spóirt agus ón phobal áitiúil. Tá mé cinnte go mbeidh sé an pháirc ina háis luachmhar do phobail an cheantair idir óg is aosta agus tá lúcháir orm a bheith ábalta tacaíocht a thabhairt dó leis an deontas seo. Is ar dheontais den chineál seo atá an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga dírithe agus cuirtear fáilte roimh iarratais ar an chlár ó ghrúpaí Gaeltachta eile.”
Nótaí don Eagarthóir
Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga. Tá níos mó eolais fán chlár sin ar fáil ag gov.ie - An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (www.gov.ie)