Impíonn an tAire Harris ar dhaltaí iarratas a chur isteach le haghaidh deontais SUSI don bhliain acadúil 2020/2021 roimh an dáta deiridh tosaíochta.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Impíonn an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris ar dhaltaí nach bhfuil iarratas curtha isteach acu le haghaidh deontais SUSI don bhliain acadúil 2020/2021, é seo a dhéanamh roimh 9 Iúil.
Ach tá deis fós ag iarratasóirí SUSI nua a chinntiú go bhfuil tús áite tugtha chuig a iarratas nó a hiarratas má chuireann siad an t-iarratas isteach roimh 9 Iúil.
Bhí fonn ar an Aire chomh maith daltaí a chur ar a suaimhness go bhfuil an scéim dheontas solúbtha agus go dtéann sí i ngleic le heaspa ioncaim de bharr Covid-19. Tá deis ann do dhaltaí agus a dteaghlaigh a raibh laghdú ioncaim leagtha orthu athbhreithniú ar a n-iarratas a lorg faoin bhforáil Athrú ar Imthosca sa scéim, más rud é go bhfuil siad ábalta a chur in iúil go bhfuil seans ann gur laghdaigh a n-ioncam rud a leanfaidh ar aghaidh ar feadh tréimhse chúrsa faofa an iarratasóra nó go ceann tamaill.
Dúirt an tAire Harris:
“Mar Aire Ardoideachais, tá mé an-tiomanta do chóras ardoideachais a chuireann gach duine san áireamh a thógáil, agus is acmhainn den scoth iad na deontais SUSI do dhaltaí incháilithe.
“Tá Covid-19 tar éis cur isteach go forleathan ar an ngnáthshaol ar fud na tíre agus tá daltaí ag déileáil chomh maith le dúnadh na gcoláistí agus an tionchar a bhí ag sin ar a gcuid staidéir.
“Tá a fhios agam chomh maith go bhfuil laghdú ioncaim agus fadhbanna airgeadais leagtha ar go leor teaghlaigh de bharr na phaindéime seo. Tá mé ag iarraidh daoine a chur ar a suaimhness go dtugann cuid den scéim seo aghaidh ar na fadhbanna sin.
“Tá mé ag iarraidh chomh maith go gcuirfeadh aon dhalta atá incháilithe don scéim a iarratas nó a hiarratas isteach ar líne gan a thuilleadh moille le cinntiú go dtéann siad tríd an chórais chomh tapaigh agus is féidir.”
Tá SUSI ag glacadh le hiarratais sa chaoi céanna ó dhaltaí Éireannacha atá ag iarraidh staidéir a dhéanamh ar chúrsaí ceadaithe sa Ríocht Aontaithe agus ó dhaltaí ón Ríocht Aontaithe atá ag iarraidh staidéir a dhéanamh in Éire, agus is féidir leo leanúint ar aghaidh ag glacadh le deontais má tá siad incháilithe.
D’oscail an scéim SUSI ar 23 Aibreán. Cuireadh thart ar 96,000 iarratas isteach anuraidh agus fuair thart ar 73,000 dalta deontas. Go dtí seo i mbliana, tá SUSI tar éis thart ar 75,000 iarratas a fháil don bhliain acadúil 2020/2021. Cé go mbeidh daltaí fós in ann iarratas a chur isteach tar éis go ndúnann an dáta deiridh tosaíochta, ní gheobhaidh aon iarratais déanacha an tús áite céanna ó SUSI.
Ba é 11 Meitheamh an dáta iarratais tosaíochta le haghaidh iarratasóirí athnuachana. Ach tá deis fós ag iarratasóirí SUSI nua a chinntiú go bhfuil tús áite tugtha chuig a iarratas nó a hiarratas má chuireann siad an t-iarratas isteach roimh 9 Iúil.