Foilsíonn an tAire O’Gorman Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht: Plean Gníomhaíochta 2024-2028
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, an Plean Gníomhaíochta um Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht 2024-2028 inniu.
Tógann an Plean Gníomhaíochta seo ar uaillmhian agus ar ghnóthachtálacha na chéad Straitéis Náisiúnta um Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht agus tá sé mar aidhm aige cuimsiú leanaí agus daoine óga sa chinnteoireacht ag gach leibhéal a chur chun cinn tuilleadh – sa bhaile, sa scoil, ina bpobail agus ag an leibhéal náisiúnta.
Beidh sé mar thoradh ar fheidhmiú rathúil an Phlean Gníomhaíochta seo, sa ghearrthéarma, go mbainfear leas as tuairimí leanaí agus daoine óga chun eolas a thabhairt do bheartas, do sheirbhísí, do reachtaíocht agus do thaighde a bhaineann lena saolta. Lorgófar a dtuairimí freisin agus meastóireacht agus monatóireacht á déanamh ar sheirbhísí agus ar bheartais ábhartha.
Spreagfaidh an Plean Gníomhaíochta Rannpháirtíochta seo forbairt leanúnach ar struchtúir agus cleachtais rannpháirtíochta, ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, i measc eagraíochtaí, earnálacha, cleachtóirí agus ranna agus gníomhaireachtaí rialtais. Trí na gníomhartha seo a chur i bhfeidhm, agus trí úsáid a bhaint as agus trí fheabhsú na n-acmhainní agus na dtacaíochtaí atá ann cheana féin, leanfaidh RLCMLÓ ar aghaidh ag nuáil agus ag stiúradh rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa chinnteoireacht ar fud an rialtais agus go hidirnáisiúnta.
Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’Gorman:
“Is ceannaire domhanda í Éire maidir le cleachtais rannpháirtíochta, agus í ar an gcéad tír san Eoraip a bhfuil Straitéis Rannpháirtíochta tiomnaithe do Leanaí agus Daoine Óga aici. Tá áthas orm a bheith in ann an fócas tábhachtach seo a chur chun cinn a thuilleadh le foilsiú na Rannpháirtíochta Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht: Plean Gníomhaíochta 2024-2028.
De bharr uaillmhianta an Phlean Gníomhaíochta seo beidh guthanna leanaí agus daoine óga fite fuaite i gcinntí a dhéanfar thar níos mó Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais ná riamh cheana. Ní féidir feabhas a chur ar bheartas poiblí ach trí aitheantas a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga mar shaoránaigh na linne seo, ní hamháin daoine fásta na todhchaí.”
Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht: Tá Plean Gníomhaíochta 2024-2028 ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon, agus tacaíonn foilsiú Tuarascáil ar an gComhairliúchán Poiblí ar an gcéad Chreat Beartais eile de chuid an Rialtais um Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht leis.
CRÍOCH/
Spreagfaidh an Plean Gníomhaíochta Rannpháirtíochta seo forbairt leanúnach ar struchtúir agus cleachtais rannpháirtíochta, ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, i measc eagraíochtaí, earnálacha, cleachtóirí agus ranna agus gníomhaireachtaí rialtais. Trí na gníomhartha seo a chur i bhfeidhm, agus trí úsáid a bhaint as agus trí fheabhsú na n-acmhainní agus na dtacaíochtaí atá ann cheana féin, leanfaidh RLCMLÓ ar aghaidh ag nuáil agus ag stiúradh rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa chinnteoireacht ar fud an rialtais agus go hidirnáisiúnta.
Cuireann Coinbhinsiún na NA um Chearta Leanaí (CNACL) in iúl an ceart atá ag leanaí agus daoine óga suas go dtí ocht mbliana déag d’aois go n-éistfí lena nglór, agus is é an t-aoisghrúpa seo príomhfhócas an Phlean Gníomhaíochta seo. Aithníonn an Rialtas freisin go bhféadfadh deacrachtaí sonracha a bheith ag daoine óga san aoisghrúpa 18-24 rochtain a fháil ar a gcearta, lena n-áirítear a gceart go n-éistfí lena nglór sna próisis chinnteoireachta. Mar sin, áirítear sa Phlean Gníomhaíochta daoine óga suas go dtí 24 bliain d’aois, arb ionann iad, de réir na sonraí Daonáirimh is déanaí, agus an tríú cuid den daonra.
Tá go leor ranna agus gníomhaireachtaí rialtais tar éis feabhas a chur ar a gcuid beartas cheana féin trí leanaí agus daoine óga a áireamh ina bpróisis forbartha polasaí. Áirítear leis seo na ranna agus na gníomhaireachtaí sin atá freagrach as taighde beartais, reachtaíocht agus soláthar seirbhísí a bhaineann le leanaí agus daoine óga:
• sláinte
• oideachas
• taisteal
• le haghaidh gníomhaíochta aeráide
• saol na tuaithe
• ealaíona agus cultúir
• súgradh agus caitheamh aimsire
• saol faoi chúram
Thacaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) le go leor de na próisis seo. Trí Hub na nÓg, an t-ionad náisiúnta sármhaitheasa ar rannpháirtíocht leanaí agus óige, agus an Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta, trí chomhairliúcháin agus rannpháirtíocht fócasaithe le Comhairle na nÓg, struchtúr náisiúnta na comhairle óige arna thacú ag RLCMLÓ agus Údaráis Áitiúla, cuireadh tacaíocht, saineolas agus cúnamh praiticiúil ar fáil. Le déanaí bunaíodh Tionól Náisiúnta Óige na hÉireann chun fóram a sholáthar le haghaidh comhairliúcháin agus plé le leanaí agus daoine óga idir 12-24 bliain d’aois, ar dheacrachtaí a bhfuil tábhacht náisiúnta leo.
Soláthraíonn Hub na nÓg saineolas modheolaíochta agus oiliúint trí chláir oiliúna struchtúrtha a chuimsíonn measúnú ar riachtanas agus modúil shaincheaptha ar fud earnálacha an rialtais agus neamhrialtais. In 2023 forbraíodh agus soláthraíodh an chéad oiliúint shaincheaptha do Státseirbhísigh agus d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí, dírithe ar acmhainneacht a thógáil le daoine óga a tharraingt isteach ar bhealach dáiríre nuair a bhíonn cinntí beartais náisiúnta á ndéanamh a mbeidh tionchar acu ar a saol. Uaillmhian shuntasach den Phlean Gníomhaíochta seo is ea oiliúint struchtúrtha bunaithe ar chearta a leabú i bprionsabail agus cleachtas rannpháirtíochta ar fud na ngairmeacha go léir a oibríonn le agus ar son leanaí, ag leibhéal acadúil, beartais agus cleachtais.
Foilsíodh an chéad Straitéis Náisiúnta um Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga 2015-2020 in 2015. Bhí an Straitéis Rannpháirtíochta ceannródaíoch in Éirinn agus ba í an chéad cheann dá leithéid san Eoraip í. Ba í an chéad chomhstraitéis í freisin de Bigger Outcomes, Brighter Futures (BOBF), an Creat Beartais Náisiúnta do Leanaí agus Daoine Óga (2014-2020), ag glacadh le cúig réimse toraidh na straitéise sin
• Gníomhach agus Sláintiúil
• Gnóthachtáil san Fhoghlaim agus san Fhorbairt
• Sábháilte agus Cosanta ó Dhíobháil
• Slándáil agus Deiseanna Eacnamaíocha
• Nasctha, a bhfuil Meas orthu agus ag cur lena nDomhan
Tugadh na réimsí toraidh seo ar aghaidh chuig Éire Óg: Creat Beartais Náisiúnta do Leanaí agus Daoine Óga 2023-2028 agus treoróidh sé freisin fócas an Phlean Gníomhaíochta Rannpháirtíochta seo.
Bunphrionsabail i Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht: Plean Gníomhaíochta 2023-2028.
Tá na bunghnéithe ríthábhachtacha seo a leanas mar bhonn agus thaca ag gach gealltanas agus gníomh sa Phlean Gníomhaíochta seo:
• Aitheantas go bhfuil an ceart ag leanaí agus ag daoine óga páirt a ghlacadh i gcinntí a théann i bhfeidhm ar a saolta;
• Cosaint agus leas leanaí agus daoine óga a chinntiú i gcomhréir le Tús Áite do Leanaí ;
• Meicníochtaí a bhunú agus a fheabhsú lena chinntiú go mbíonn leanaí agus daoine óga leochaileacha agus nach gcloistear ach go hannamh rannpháirteach sa chinnteoireacht
• Bailiú sonraí, monatóireacht agus meastóireacht ar thionscnaimh rannpháirtíochta leanaí agus dhaoine óga.