Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin 04 Samhain 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 3,024* cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 458 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 90 acu in Aonad Dianchúraim.
Nóta:
Bhí tionchar ag saincheist theicniúil ar phróiseáil cásanna COVID-19 ar CIDR an 2/11/2021 agus mar thoradh ar sin tuairiscíodh líon íseal fógra go saorga ar CIDR an 2/11/2021 agus comhaireamh ardaithe an 3/11/2021. I bhfianaise an tionchair ar fhógraí CIDR do na laethanta seo, tá líon na gcásanna laethúla de 3,174 agus 3,024 a tuairiscíodh an 3/11/2021 agus 4/11/2021, faoi seach, bunaithe ar thorthaí SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig an Rianaire Cúraim COVID. Réitíodh an tsaincheist theicniúil agus cuirfear tús arís le tuairisciú cásanna laethúla trí CIDR sna laethanta atá amach romhainn.