Baineann an tAire Sláinte na bacainní atá roimh dhochtúirí neamh-LEE
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhain an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., na bacainní atá roimh theacht ar oiliúint iarchéime i measc dochtúirí cáilithe neamh-LEE.
Shínigh an tAire Donnelly ordú a chuireann tús le hAilt 97 agus 100 den Acht um Ghairmithe Rialáilte (Cúram Sláinte agus Sóisialach) (Leasú), 2020.
Leasaíonn na hailt seo Acht na Lia-Chleachtóirí, 2007 agus baineann siad riachtanas gur ghá go ndearna dochtúirí a cáilíodh i dtír neamh-LEE agus ar mian leo tús a chur le hoiliúint leighis iarchéime in Éirinn, intéirneacht a mheastar atá comhionann leis an oiliúint sin a chuirfí orthu in Éirinn. Ní mheastar faoi láthair go bhfuil intéirneachtaí ach ó díreach sé thír neamh-LEE (an Astráil, an Nua-Shéalainn, an tSúdáin, Malaeisia, an Phacastáin agus an Afraic Theas) comhionann.
Agus fáilte á cur aige roimh an athrú, dúirt an tAire Donnelly:
“Thacaigh dochtúirí ardoilte agus a chuir an-chúram ar fáil ó áiteanna ar fud an domhain le seirbhís sláinte na hÉireann ar feadh go leor blianta. Go dtí anois, bhí go leor de na dochtúirí siúd ar cuireadh oiliúint orthu lasmuigh den LEE neamh-incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar shainoiliúint sa tír seo. Tuigim go raibh seo ina ábhar mór frustrachais dóibh mar gheall gur lorg siad a saol agus a ngairmeacha beatha a fhorbairt anseo. Is deas liom go bhfuil an bhacainn seo bainte anois agus is eol dom go gcuirfidh iad siúd go léir sa ghairm leighis fáilte roimhe seo.”
CRÍOCH
Tá ar dhochtúirí ar mian leo teacht ar shainoiliúint na riachtanais a shásamh le haghaidh clárú sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint, na cáilíochtaí ábhartha agus na scileanna teanga cuí a bheith acu chun leigheas a chleachtadh sa Stát, agus aon rialacha eile a shásamh a d’fhéadfadh a bheith i gceist, san áireamh. Anuas air sin, tá ar dhochtúirí a lorgaíonn clárú sa Rannán seo post oiliúna a bheith acu atá ceadaithe ag Comhairle na nDochtúirí Leighis le haghaidh sainoiliúna. Tá orthu cloí leis na gnáthchleachtais earcaíochta agus na rialacháin ábhartha fostaíochta freisin.
Ní imreoidh an riachtanas a bhaint gur gá do dhochtúirí neamh-LEE deimhniú taithí comhionainne a bheith acu, aon tionchair dhiúltacha ar na caighdeáin a theastaíonn chun go gcláraítear iad mar dhochtúir. Éascaíonn sé dochtúirí a shásaíonn na caighdeáin seo cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar oiliúint bhreise. Caithfidh dochtúirí oilte neamh-LEE a bheidh incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chlárú sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint faoin bhforáil seo a bheith incháilithe cheana féin chun clárú ar Rannán Ginearálta chlár Chomhairle na nDochtúirí Leighis.
Chun clárú ar an Rannán Ginearálta, caithfidh gur éirigh le dochtúirí neamh-LEE i Scrúdú Réamhchlárúcháin na Comhairle (PRES), nó a bheith díolmhaithe ón PRES a dhéanamh mar gheall go bhfuil cáilíocht níos airde acu. Tá an córas srianta agus ceartúchán cuí i bhfeidhm cheana féin lena chinntiú nach mbeidh ach na dochtúirí siúd atá cáilithe cheana féin i leith an chaighdeáin a theastaíonn ó Chomhairle na nDochtúirí Leighis incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chlárú ar an Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint agus beidh siad incháilithe freisin, leis sin, iarratas a dhéanamh ar áiteanna oiliúna.
Tá an gá atá le deimhniú taithí á bhaint i gcomhthéacs leasuithe níos fairsinge atá á ndéanamh ag an Acht um Ghairmithe Rialáilte (Cúram Sláinte agus Sóisialach) (Leasú), 2020 ar gach ceann de na cúig Acht rialála gairmithe sláinte (Acht na Lia-Chleachtóirí, Acht na nAltraí agus na gCnáimhseach, Acht na bhFiaclóirí, an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh agus an tAcht Cógaisíochta).
Tá an t-athrú á dhéanamh mar gheall go n-aithnítear go bhfágtar na dochtúirí seo, a bhfuil líon mór díobh ag oibriú cheana féin in Éirinn faoina gclárú sa Rannán Ginearálta, as an áireamh ó iarratas a dhéanamh in ainneoin go bhfuil scileanna, taithí agus inniúlacht chuí acu. Tacóidh sé, ar an ábhar sin, san fhadtéarma le dochtúirí ardoilte a choinneáil laistigh de chóras sláinte na hÉireann.