Seolann an tAire Butler comhairliúchán poiblí ar dhréacht-rialacháin do sholáthraithe tacaíochta baile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Stáit le haghaidh Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, comhairliúchán poiblí inniu ar dhréacht-rialacháin do sholáthraithe Seirbhísí Tacaíochta Baile.
Leagtar amach sna rialacháin seo, na ceanglais íosta atá le comhlíonadh ag soláthraithe poiblí, príobháideacha agus neamhbhrabúis, chun ceadúnas a fháil agus oibriú sna seirbhísí tacaíochta baile. Is é an cuspóir a bheidh leis an gcóras ceadúnaithe ná, a chinntiú go bhfuil seirbhísí tacaíochta baile ar ardchaighdeán comhsheasmhach, mar aon le húsáideoirí seirbhíse a chosaint.
Is ar sholáthraithe tacaíochta baile atá an ceanglas thuasluaite go lárnach, a bhféadfadh a bhfostaithe a chuimsiú mar chúntóirí baile, cúntóirí pearsanta agus cúntóirí tacaíochta i gcúram sláinte pobalbhunaithe, agus a gcuimsítear lena gcuid seirbhísí: cúnamh le sláinteachas pearsanta, soghluaisteacht, rannpháirtíocht shóisialta agus le cúraimí riachtanacha tí. Dá réir sin, is daoine fásta 18 mbliana d’aois nó níos sine a bheidh ina n-úsáideoirí seirbhíse go príomha, a dteastaíonn cúnamh tacaíochta baile uathu mar gheall ar bhreoiteacht, laige an duine nó míchumas.
Agus an próiseas comhairliúcháin poiblí á sheoladh aici, dúirt an tAire Butler:
“Tá an rialtas tiomanta ar scéim reachtúil tacaíochta baile a thabhairt isteach. Tá áthas orm an comhairliúchán poiblí seo ar na dréacht-rialacháin do sholáthraithe seirbhísí tacaíochta baile a sheoladh. Is céim shuntasach é seo i dtreo seirbhísí tacaíochta baile níos sábháilte, níos cothroime agus ar chaighdeán níos airde a chur ar fáil. Táim ag tnúth le tuairimí daoine a chloisteáil ar na dréacht-rialacháin.”
Bíonn tionchar ag rialú na seirbhísí Tacaíochta Baile ar raon leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear soláthraithe seirbhíse, úsáideoirí seirbhísí, oibrithe tacaíochta baile agus cúramóirí teaghlaigh. Is mian leis an Roinn Sláinte tuairimí na bpáirtithe leasmhara sin agus an phobail a mhealladh. Cuirfidh na torthaí eolas ar fáil d’fhorbairt na Reachtaíochta a rialaíonn Tacaíocht Baile as seo amach.
Is féidir an suirbhé agus na dréacht-rialacháin a léamh mar achoimre i mBéarla simplí, agus ar leagan ‘Easy Read’ anseo.
Déanfaidh an Institiúid um Shláinte Phoiblí in Éirinn anailís ar an bhfaisnéis ón gcomhairliúchán poiblí, agus soláthróidh siad tuarascáil don Roinn níos déanaí i mbliana. Foilseoidh an Roinn Sláinte tuarascáil chomhairliúcháin níos déanaí i mbliana.
CRÍOCH
I mí Aibreáin 2021, thug an Rialtas faomhadh do Scéim Ghinearálta agus Cinn Bhille a dhréachtú chun creat ceadúnaithe a bhunú do sholáthraithe tacaíochta baile. Tá sé seo á chur ar aghaidh ag an Roinn d'fhonn é a thabhairt trí Thithe an Oireachtais a luaithe is féidir. Táthar ag súil go dtabharfaidh an reachtaíocht an chumhacht don Aire Sláinte rialacháin a dhéanamh, maidir le híoscheanglais a bheidh mar chritéir lena gcinnfear incháilitheacht soláthraí chun ceadúnas a shealbhú.
Tá an Rialtas tiomanta do scéim tacaíochta baile reachtúil úr a bhunú. Soláthróidh an scéim nua rochtain chothrom agus thrédhearcach, ar sheirbhísí ardchaighdeáin do dhaoine bunaithe ar a gcuid riachtanas cúraim measúnaithe. Cuimseofar forbairt an chreata rialála san obair úr seo; scrúdóidh sé na roghanna atá ann maidir le samhail mhaoinithe na scéime; agus déanfaidh sé measúnú ar chur chuige leasaithe a fhorbairt i leith seachadadh seirbhíse do sheirbhísí tacaíochta baile.
Agus é mar aidhm aige a chinntiú go gcuirtear leibhéal ardchaighdeáin cúraim ar fáil do gach úsáideoir seirbhíse atá sábháilte, éifeachtach agus dírithe ar an duine, samhlaítear go mbeidh na nithe seo a leanas sa chreat rialála:
Is údarás é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), a bunaíodh chun cúram ardchaighdeáin agus sábháilte a chur i bhfeidhm agus a chinntiú, do dhaoine a úsáideann seirbhísí cúram sláinte agus sóisialta in Éireann.
Cuireann an Institiúid um Shláinte Phoiblí eolas ar fáil do bheartas poiblí, chun tacú le daonraí níos sláintiúla in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann.