Ár dTodhchaí Tuaithe: Beagnach €286,000 ceadaithe ag an Aire Humphreys d’oibreacha caipitil ar na hoileáin
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá deontais de bheagnach €286,000 ceadaithe inniu (Dé Máirt, 24 Bealtaine) ag an Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys, T.D., chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar infreastruchtúr oileán ar fud na tíre.
Cuirfear feabhas ar bhóithre, céanna, héileapadanna agus leithris phoiblí leis an maoiniú seo.
Is do Chomhairlí Contae Chorcaí, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall atá na deontais ceadaithe mar seo a leanas:
Comhairle Contae Chorcaí | €90,891 | |
Comhairle Contae Mhaigh Eo | €58,500 | |
Comhairle Chontae Dhún na nGall | €136,414 |
Is ionann maoiniú na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus suas le 90% den chostas caipitil a bhaineann leis na hoibreacha agus cuirfidh na húdaráis áitiúla an fuílleach ar fáil.
Is é seo an sciar is déanaí den maoiniú caipitil a chuirfear ar fáil d’ infreastruchtúr oileán i 2022, agus deontais os cionn €2m fógartha níos luaithe i mbliana agus táthar ag súil go bhfógrófar tuilleadh maoinithe i leith oileáin eile níos déanaí sa bhliain.
Is iad na hoileáin atá i gceist sa sciar seo ná Cléire, Inis Arcáin, Inis Uí Dhrisceoil, Faoide agus an tOileán Mór i gContae Chorcaí, An Cloigeann agus Inis Bigil (Gob Uí Dheoráin) i gContae Mhaigh Eo, agus Oileán an Bhráighe agus Toraigh i gContae Dhún na nGall.
Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá infheistíocht in infreastruchtúr do phobail n-oileán mar chuid lárnach de pholasaí forbartha an Rialtais, ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’. Cé nach bhfuil i gceist ach mionoibreacha le cuid de na tograí seo, cuirfidh siad tuilleadh le saol an oileáin, don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon. Tá tábhacht ar leith leis seo ó thaobh tacú leis an turasóireacht ar na hoileáin. Léiríonn an fógra seo inniu an tiomantas dár bpobail ar na hoileáin – agus fógrófar tuilleadh maoinithe sna seachtainí agus sna míonna seo romhainn."
Oileán/Togra | Contae | Deontas | ||
Oileán an Bhráighe: Bóthar L10421 | Co. Dhún na nGall | €13,500 | ||
Toraigh: Oibreacha do na soilse ag an héileapad | Co. Dhún na nGall | €14,320 | ||
Toraigh: Comhairleoirí chun sleamhnán a dhearadh mar aon le aon aighneachtaí ar cheadúnas urthrá nó staidéaracha cuí | Co. Dhún na nGall | €6,750 | ||
Cé Mhachaire Rabhartaigh: Staidéar timpeallachta agus mara | Co. Dhún na nGall | €101,844 | ||
An Cloigeann: Leanúint le hoibreacha ar an mbóthar chuig an Cloigeann | Co. Mhaigh Eo | €31,500 | ||
Gob Uí Dheoráin: Oibreacha ag an gcarrchlós le haghaidh Inis Bigil | Co. Mhaigh Eo | €27,000 | ||
An tOileán Mór: Uasghrádú ar leithris poiblí | Co. Chorcaigh | €14,400 | ||
Faoide: Staidéar féidearthachta ar Middle Battery | Co. Chorcaigh | €18,000 | ||
Inis Uí Dhrisceoil: Feistiú pontúin | Co. Chorcaigh | €10,800 | ||
Inis Arcáin: Athchóiriú ar bhóthar L4201 | Co. Chorcaigh | €19,800 | ||
Inis Arcáin: Athchóiriú ar bhonnrá ídithe ar bhalla clocha ar an trá | Co. Chorcaigh | €13,500 | ||
Cléire: Soilse nua don héileapad | Co. Chorcaigh | €14,391 |