Fógraíonn an tAire Humphreys sonraí maidir le trí Thacaíocht Chnapshuime Costais Maireachtála atá le híoc an tseachtain seo
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, sonraí inniu maidir le trí íocaíocht chnapshuime Costais Maireachtála atá le híoc an tseachtain seo.
Tugadh na tacaíochtaí seo isteach mar chuid de Bhuiséad 2024 agus is iad an chéad íocaíocht as naoi n-íocaíocht chnapshuime san iomlán a íocfar idir Samhain 2023 agus Eanáir 2024.
Is é an pacáiste Coimirce Sóisialaí i mBuiséad 2024, an ceann is mó i stair an Stáit, agus cuideoidh sé le pinsinéirí, teaghlaigh, cúramóirí, agus daoine faoi mhíchumas aghaidh a thabhairt ar an gCostas Maireachtála trí mheascán de thacaíochtaí cnapshuime agus méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.
Is iad na híocaíochtaí Cnapshuime atá le híoc an tseachtain seo ná:
Gheobhaidh daoine na híocaíochtaí cnapshuime chomh maith leis agus ar agus ar an lá céanna a fhaigheann siad a bpríomhíocaíocht de ghnáth.
Rinne an tAire an fógra ag Shed Fest – an chéad chomhdháil náisiúnta riamh a bhí ar siúl ag Cumann Náisiúnta Bhotháin na bhFear.
Maidir leis na híocaíochtaí cnapshuime, dúirt an tAire Humphreys:
“Tuigeann an Rialtas go bhfuil éifeacht ag an ngéarchéim costais mhaireachtála fós ar theaghlaigh ar fud na tíre.
“Tá na chéad trí íocaíochtaí cnapshuime a fuair mé mar chuid de Bhuiséad 2024, á leathadh amach againn an tseachtain seo.
“Dá bharr sin gheobhaidh thart ar 409,000 teaghlach a fhaigheann an liúntas breosla cnapshuim de €300.
“Ina theannta sin, gheobhaidh thart ar 45,000 teaghlach a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht cnapshuim de €400, agus gheobhaidh 214,000 duine faoi mhíchumas íocaíocht chnapshuime €400 freisin.
“Tar éis na híocaíochtaí atá le híoc an tseachtain seo beidh 6 íocaíocht chnapshuime eile sna seachtainí atá romhainn, lena n-áirítear Deontas Tacaíochta Cúramóra €400, íocaíocht Sochair Linbh dúbailte, agus íocaíochtaí dúbailte Nollag agus Eanáir.
“Ciallaíonn an tsraith seo d’íocaíochtaí cnapshuime go mbeidh airgead breise ag daoine ina bpócaí, rud a laghdóidh an brú agus an strus atá ar go leor teaghlach.”
Chomh maith leis an tsraith íocaíochtaí cnapshuime, fuair an tAire Humphreys méaduithe leasa ar bhonn uilechoiteann de €12 in aghaidh na seachtaine ó Eanáir 2024, agus raon spriocbheart le teacht i bhfeidhm i rith 2024.
Tá liosta iomlán de bhearta Coimirce Sóisialaí Bhuiséad 2024 ar fáil ag www.Gov.ie/DSPBudget24.
Íoctar an chnapshuim agus na híocaíochtaí dúbailte go léir go huathoibríoch - ní gá do dhaoine iarratas a dhéanamh dóibh.
Níl an íocaíocht aonuaire €400 do dhaoine a bhfuil Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall agus/nó an Deontas Tacaíochta Cúramóra a fháil acu, iníoctha ach i leith íocaíocht amháin, fiú má cháilíonn duine le haghaidh níos mó ná ceann amháin de na híocaíochtaí nó má tá siad ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin.
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é an Liúntas Breosla chun cabhrú le pinsinéirí agus le faighteoirí leasa shóisialaigh fadtéarmacha eile lena gcostais téimh gheimhridh.
Déantar an íocaíocht de réir ráta seachtainiúil €33 nó más fearr leat, trí dhá íocaíocht thráthchoda; agus íoctar é thar shéasúr an gheimhridh (28 seachtain ó dheireadh Mheán Fómhair go dtí Aibreán i séasúr Liúntais Breosla 2023/24).
I mBuiséad 2023, tugadh tástáil acmhainne nua isteach don Liúntas Breosla do dhaoine atá 70 bliain d’aois agus níos sine. Tá an acmhainn incheadaithe anois €500 in aghaidh na seachtaine (méadú go €512 in aghaidh na seachtaine ó Eanáir 2024) do dhuine singil agus €1,000 in aghaidh na seachtaine (méadú go €1,024 in aghaidh na seachtaine ó Eanáir 2024) do lánúin.
Is íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin í an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht atá ar fáil d’fhostaithe a bhfuil leanaí acu. Tugann sé tacaíocht airgeadais bhreise do theaghlaigh le leanaí le rátaí ag brath ar a n-ioncam agus méid a dteaghlaigh. Tugadh Forlíonadh ar Ioncaim Teaghlaigh ar an íocaíocht roimhe seo.
Chomh maith leis an gcnapshuim Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht a fógraíodh inniu, tá méaduithe €54 in aghaidh na seachtaine ar thairseacha ioncaim na hÍocaíochta do Theaghlach i bhFostaíocht do gach méid teaghlaigh ó Eanáir 2024, faighte ag an Aire Humphreys.