Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 12 Bealtaine 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 24 dhuine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,488* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Dé Máirt, an 12 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 107 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 23,242 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Domhnaigh, an 10 Bealtaine (23,089 cás), an méid seo a leanas le fios:
Amhail meán oíche Dé Luain, an 11 Bealtaine, rinneadh 258,808 tástáil.
Le seachtain anuas, rinneadh 44,047 tástáil agus astu seo, bhí toradh dearfach ag 1,466, a bhronnann ráta dearfachta 3.3%.
Chas an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta ar a chéile inniu (Dé Máirt, an 12 Bealtaine) chun leanúint lena n-athbhreithniú leanúnach ar fhreagairt na hÉireann do COVID-19.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Leanaimid le scrúdú a dhéanamh ar dhul chun cinn an ghalair agus cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn go fóill, a thugann an-spreagadh dúinn, caithimid leanúint orainn. Tá 70 duine san aonad dianchúraim agus tá breis agus 500 duine san ospidéal go fóill. Tá níos mó oibre le déanamh againn."
Dúirt Rachel Kenna, an Leas-Phríomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte:
"Lá Idirnáisiúnta na nAltraí an lá inniu agus Bliain Idirnáisiúnta na nAltraí agus na gCnáimhseach é 2020 freisin. Ní raibh súil againn go mbeadh ceiliúradh á dhéanamh againn ar an mbliain seo agus Paindéim Dhomhanda buailte linn, ach tá ár gcomhaltraí agus ár gcomhchnáimhseacha i ndiaidh aghaidh a thabhairt ar an dúshlán agus acmhainn ríthábhachtach atá iontu go fóill dár seirbhís sláinte.
"Tá ár n-altraí agus ár gcnáimhseacha ag oibriú i gcásanna ardriosca ar bhonn laethúil, chun cúram a sholáthar agus trealamh cosanta pearsanta á chaitheamh acu, íobairtí pearsanta á ndéanamh agus leanúint le cúram atruach a sholáthar i dtimpeallacht strusmhar.
"Mar gheall ar ghníomhartha poiblí le roinnt seachtainí anuas, is féidir le haltraí agus cnáimhseacha leanúint le cúram a sholáthar dóibh siúd óna dteastaíonn sé. Lean ar aghaidh, le do thoil, chun tacú leo i rith an ama seo, seas an fód agus fan sábháilte."
CRÍOCH