Tugann an tAire English rabhadh do ghnólachtaí taraif 0% a éileamh ar earraí a thagann ón Ríocht Aontaithe
Ó An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Stáit do Ghnó, Fostaíocht agus Miondíol, Damien English TD, rabhadh do ghnólachtaí, agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) go háirithe, inniu (Dé hAoine, 8 Eanáir) nach mór dóibh ráta na taraife nialasaí a éileamh ar earraí a thagann ón Ríocht Aontaithe.
Faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, cuirtear deireadh le dleachta taraife le haghaidh trádála idir an AE agus an Ríocht Aontaithe i gcásanna ina mbaintear na rialacha iomchuí tionscnaimh amach. Baineann an ráta tosaíochta, nó ráta na taraife nialasaí, le hearraí a allmhairítear ón Ríocht Aontaithe, nuair a bhaintear na rialacha iomchuí tionscnaimh amach – go bunúsach, iarrtar sna rialacha sin cinnte a dhéanamh de gur ionchuir de chuid na Ríochta Aontaithe atá sna hearraí go príomha. (Féach nótaí 1 agus 2)
Dúirt an tAire English:
“Cuirtear fáilte roimh an gcomhaontú idir an AE agus an Ríocht Aontaithe agus is céim sa treo ceart é chun caidreamh nua a chothú leis an gcomhpháirtí trádála is gaire dúinn. Foráiltear sa chomhaontú taraifí nialasacha agus nach mbeidh aon chuóta i gceist (teorainneacha ar líon na n-earraí is féidir a allmhairiú). Cé gur maith an rud é seo do ghnólachtaí na hÉireann ag a bhfuil caidreamh allmhairiúcháin seanbhunaithe le soláthraithe sa Ríocht Aontaithe, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil riachtanais oibriúcháin i gceist chun leas a bhaint as an ráta nialasach. Caithfidh allmhaireoirí a thaispeáint go bhfuil na hearraí atá á n-allmhairiú acu de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, de réir an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh agus an ráta nialasach a éileamh.”
Maidir le honnmhaireoirí na hÉireann, baineann an ráta tosaíochta, nó ráta na taraife nialasaí, le hearraí a allmhairítear isteach sa Ríocht Aontaithe ón AE, nuair a bhaintear na rialacha iomchuí tionscnaimh sa Chomhaontú amach – go bunúsach, iarrtar sna rialacha sin cinnte a dhéanamh de gur ionchuir de chuid an AE atá sna hearraí go príomha. Ba chóir don onnmhaireoir ‘Ráiteas maidir le Tionscnamh’ a chur ar fáil ar shonrasc nó ar dhoiciméad eile ina ndéantar cur síos ar an táirge le gur féidir an táirge sin a aithint, de réir mar a iarrtar sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. Ní mór dóibh siúd ag a bhfuil coinsíneachtaí a bhfuil luach níos mó ná €6,000 orthu clárú ar Chóras Onnmhaireoirí Cláraithe na gCoimisinéirí Ioncaim.
De rogha air sin, is féidir leo doiciméid nó taifid tacaíochta a thabhairt don allmhaireoir de chuid na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear na doiciméid nó na taifid a chuir an monaróir ar fáil, ionas go bhfuil an t-allmhaireoir in ann tionscnamh AE a chruthú bunaithe ar eolas an allmhaireora.
Dúirt an tAire English:
“Tá réimse tacaíochtaí saor in aisce ar fáil ó Ranna agus ó Ghníomhaireachtaí Rialtais chun cabhrú le gnólachtaí impleachtaí na gcustam a thuiscint, rialacha tionscnaimh san áireamh (Féach nóta 3). Tá eolas ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim agus tá seoladh ríomhphoist tiomnaithe acu (originandquotasection@revenue.ie), mar aon le seimineáir ghréasáin thiomnaithe a chuirtear ar fáil do ghnólachtaí. Tá an Ríocht Aontaithe fós ina comhpháirtí tábhachtach trádála d’Éirinn agus dá bharr sin, spreagaim gach gnólacht a allmhairíonn nó a onnmhairíonn chuig an Ríocht Aontaithe leas a bhaint as tacaíochtaí Rialtais chun buntáiste an chomhaontaithe nua trádála a uasmhéadú.”