Beartas agus infheistíocht nua chun tacú le gníomhaíocht ar son na haeráide san earnáil chultúrtha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann an tAire Martin tacaíocht d’eagraíochtaí cultúrtha le bheith ina gceannairí aeráide
Inniu d’fhógair Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a treochlár chun tacú leis an earnáil chultúir chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na héigeandála aeráide. Agus í ag fógairt scéim maoinithe caipitil nua ina gcuirfear €1.4m ar fáil chun tacú le heagraíochtaí cultúrtha neamhbhrabúis leis an gcostas a bhaineann lena lorg carbóin a laghdú, le hinrochtaineacht a fheabhsú agus le spásanna oibre breise a sholáthar d’ealaíontóirí, dúirt an tAire nach raibh ann ach gníomh amháin i dtreochlár níos leithne chun tacú leis an earnáil.
Beidh creat beartais ar chultúr agus ar ghníomhaíocht aeráide mar phríomhchuid dá cur chuige. Sa chreat nua, ceann den chéad cheann dá leithéid, cuirfear impleachtaí an bheartais náisiúnta aeráide agus na reachtaíochta d’eagraíochtaí cultúrtha in iúl, soláthrófar ann treoir don earnáil agus cruthófar ann fóram trína bhféadfar eolas a roinnt agus dul chun cinn a thomhas. Seolfaidh an tAire an chéim chomhairliúcháin don chreat ag ócáid ar an 14 Meitheamh in Ionad Ealaíon Dhún Másc, spás cultúrtha stairiúil a uasghrádaíodh le déanaí go rátáil fuinnimh B1.
Áireofar san imeacht plé ceannairí ón earnáil chultúir a bhfuil taithí acu ar fheabhsú na hinbhuanaitheachta le comhghleacaithe ón earnáil phoiblí chun foghlaim agus léargas a roinnt ar conas is féidir leis an earnáil aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na héigeandála aeráide. Ar an lá freisin osclaíodh suirbhé ina lorgaítear tuairimí na hearnála ar bhonn níos leithne ar ról an chultúir chun tacú le gníomhaíocht ar son na haeráide a chuideoidh freisin leis an gcreat beartais deiridh agus a chinnteoidh go mbailítear agus go léirítear gach tuairim.
Déanfar an creat beartais a fhorbairt i gcomhthráth le seachadadh na Scéime infheistíochta caipitil nua ina soláthrófar tacaíochtaí láithreacha d'ionaid ealaíon agus chultúir ar fud na tíre chun a mbearta éifeachtúlachta fuinnimh agus inbhuanaitheachta a fheabhsú.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Is fórsa cumhachtach é an cultúr maidir le rannpháirtíocht an phobail agus ba mhaith liom tacú leis an earnáil chun muintir na hÉireann a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna ríthábhachtacha seo. Creidim gur féidir le heagraíochtaí cultúrtha a bheith ar thús cadhnaíochta, trína n-astaíochtaí a laghdú agus cúinsí aeráide a leabú i ngach gné dá n-oibríochtaí. Sin an fáth a bhfuilim ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt isteach scéimeanna infheistíochta nua chun tacú le haistriú eagraíochtaí cultúrtha chuig oibríochtaí nua, níos inbhuanaithe. Tá sé ríthábhachtach go gcloisfimid níos mó ón earnáil faoina riachtanais maidir le hathrú aeráide, agus mar sin táim ag súil go mór lena bheith ag obair le páirtithe leasmhara le linn na céime comhairliúcháin don bheartas nua seo.”
Nótaí don Eagarthóir:
An dul chun cinn go dtí seo:
Agus an fheasacht ag dul i méid ar an bpoitéinseal agus ar an ngá le gníomhaíocht ar fud na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheacha, tá an Roinn ag tacú le roinnt tionscnamh mar seo a leanas:
- Clár Caipitil na bhForais Náisiúnta Cultúir, lena n-áirítear tionscadail an PFN, a ailíniú le cuspóirí an phlean gníomhaíochta aeráide. Áiríonn sé seo a chinntiú go bhfuil inbhuanaitheacht ina príomhbhreithniú sa bhreithmheas ar thionscadail an PFN agus ina príomh-aschur i seachadadh tionscadail an PFN, chomh maith le forbairt ar shraith nua de mhaoiniú a thacaíonn leis an aeráid laistigh den chlár bonneagair chultúir réigiúnach;
- Tionscnaimh a thacaíonn le gníomhaíocht aeráide a sheachadadh faoi ghné Inbhuanaitheachta agus Folláine Éire Ildánach;
- Breithniú feabhsaithe ar inbhuanaitheacht laistigh de shamhail seachadta chlár Chultúr Éireann; agus
- Dul i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon maidir le hullmhú beartais earnálaigh um ghníomhaíocht aeráide ina seachadfar, nuair a thabharfar chun críche é, raon gníomhaíochtaí de réir spriocanna laghdaithe astuithe an Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus treochlár na hearnála poiblí. Samhlaítear go mbeidh an beartas seo, nuair a thabharfar é chun críche, ina chrann taca tábhachtach gníomhaíochta laistigh den Chreat Beartais Náisiúnta;
Creat Beartais Náisiúnta ar Chultúr, Aeráid agus Cruthaitheacht
Comhtháthófar sa Chreat Beartais Náisiúnta tionscnaimh atá ann cheana féin agus gníomhartha eile i gcreat freagrúil le haghaidh gníomhaíochta ar fud na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheacha. Chun tacú lena fhorbairt, thug an Roinn faoi athbhreithniú idirnáisiúnta litríochta agus beartais ar chultúr agus ar aeráid, chomh maith le dul i mbun comhairliúcháin tosaigh le páirtithe leasmhara an rannáin chultúir, coiste polasaí na Roinne agus aonad gníomhaíochta aeráide, na Forais Náisiúnta Cultúir agus an Chomhairle Ealaíon. Tuigtear ón mbonn taighde agus rannpháirtíochta seo go ndéanfaidh cruthú an chreata beartais náisiúnta:
- comhartha a thabhairt do thiomantas an Aire do thacú le gníomhaíocht ar son na haeráide in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta;
- treoir a bhfuil géarghá léi a sholáthar d'eagraíochtaí cultúrtha;
- spreagadh a thabhairt d’eagraíochtaí cultúrtha beart a dhéanamh;
- gníomhaíocht ar son na haeráide a leabú mar bhreithniúchán in infheistíocht chultúrtha agus príomh-acmhainní a oscailt, mar sin, chun tacú le gníomhaíocht ar son na haeráide san earnáil;
- tacú le comhordú gníomhaíochta earnála aeráide ar scála; agus
- deiseanna a chruthú chun sineirgí a aithint, dúbailt a laghdú agus tacú le roinnt taithí.
Tá sé beartaithe an creat beartais a struchtúrú faoi thrí cheannteideal thábhachtacha: neadú, gabháil agus feabhsú, a aithníodh ar bhonn na dtéamaí coitianta a aithníodh sa léirbhreithniú idirnáisiúnta ar an litríocht. Thacódh gach ceann de na téamaí seo le sraith cuspóirí agus gníomhartha beartais, a chinnfí tar éis comhairliúcháin earnála agus phoiblí.
Téama | Cur síos | Réimse Gnímh |
Leabú | Cinntiú go bhfuil coincheapa na gníomhaíochta ar son na haeráide agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil i gcroílár creataí beartais, straitéisí, scéimeanna, cleachtais agus gníomhaíochtaí eagraíochtúla. | Rialachas Corparáideach. Léiriú agus maoiniú a nascadh |
Rannpháirtíocht | Leas a bhaint as cumhacht an chultúir agus na cruthaitheachta chun fís a sholáthar don todhchaí. Insintí nua a chruthú chun dúshláin agus tionchair an athraithe aeráide a chur in iúl. Tacú le cleachtóirí chun teagmháil a dhéanamh le lucht féachana éagsúla agus naisc a dhéanamh leo.Rannpháirtíocht chruthaitheach le ceisteanna comhshaoil agus réitigh orthu a spreagadh. | Éire Ildánach Seachadadh trí na Forais Náisiúnta Cultúir agus an Chomhairle Ealaíon |
Méadú | Earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta a chumasú le hastuithe a laghdú agus le bonneagar cultúrtha a fheabhsú de réir príomhbheartais spáis, lena n-áirítear an Plean Forbartha Náisiúnta agus an Creat Pleanála Náisiúnta. Tacú leis an earnáil san aistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbóin. | Infheistíocht sa Chaipiteal Cultúrtha. Maoiniú eile ón earnáil phoiblí a ghiaráil |
An Scéim Chaipitil Chultúrtha
Seoladh an Scéim Chaipitil Chultúrtha ar dtús i mí Dheireadh Fómhair 2019, le ciste iomlán €4.7m. Tá thart ar €1.4m á chur ar fáil anois faoi ‘Sruth E’ den Scéim. Ag teacht le gníomh an Rialtais maidir le hathrú aeráide’ cuirtear fáilte sa Scéim seo roimh thionscadail a laghdaíonn lorg carbóin eagraíochta a mbeidh tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol. Tabharfar tús áite freisin do thionscadail a chuireann áiteanna breise ar fáil d’ealaíontóirí agus do léiriú ealaíonta, go háirithe in ionaid ealaíon. I measc na samplaí a bheidh á maoiniú, beidh:
• Athchóiriú agus uasghrádú áiseanna
• Iniúchtaí fuinnimh
• Tionscadail a thugann aghaidh ar inrochtaineacht, lena n-áirítear iniúchtaí inrochtaineachta
• Uasghráduithe sláinte agus sábháilteachta
Beidh deontais suas le €50,000 ar fáil d’eagraíochtaí neamhbhrabúis a bhfuil sainchúram ealaíon agus cultúir sainithe acu. Déanfar deontais a thairiscint d’eagraíochtaí incháilithe mar seo a leanas:
- Deontais suas le €20,000 ag ráta maoinithe deontais 85% (60% d'áiseanna faoi úinéireacht an Údaráis Áitiúil);
- Deontais suas le €50,000 ag ráta maoinithe deontais 70% (60% d'áiseanna faoi úinéireacht an Údaráis Áitiúil);
Scéim leanúnach a bheidh i gceist i.e. ní bheidh aon dáta deiridh ann, agus fanfaidh an Scéim ar oscailt go dtí go n-ídeofar an ciste. Beidh treoirlínte na Scéime, mar aon leis na foirmeacha iarratais agus ceisteanna coitianta, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ón 4 Bealtaine 2023 ag an nasc seo a leanas: gov.ie - Na hEalaíona Cruthaitheacha: Deontais agus maoiniú (www.gov.ie) .
Fógróidh an tAire Martin scéimeanna maoinithe caipitil ar leith do spásanna oibre ealaíontóirí agus oiriúnú aeráide in am trátha.