Osclaíonn an tAire Stáit Thomas Byrne gteic Baile Ghib agus gteic Ráth Cairn
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d'oscail Thomas Byrne, T.D., Aire Stáit na Gaeltachta, dhá ionad nua digiteach, gteic Baile Ghib agus gteic Ráth Cairn i gContae na Mí. Is cuid den ghréasán náisiúnta gteic iad na hionaid seo, a chuireann spásanna oibre nua-aimseartha ar fáil do chianobair agus gnólachtaí nuathionscanta sa Ghaeltacht.
Ag labhairt dó ag na hócáidí, dúirt an tAire Stáit Byrne:
"Is céim thábhachtach chun tosaigh í oscailt na n-ionad gteic seo do phobal Ghaeltacht na Mí. Cuirfidh siad deiseanna nua ar fáil do mhuintir na háite oibriú go cianda nó a ngnólachtaí féin a bhunú agus fanacht ina bpobal dúchais. Tacóidh na hionaid seo le forbairt eacnamaíoch Ráth Cairn agus Bhaile Ghib agus le caomhnú na Gaeilge sa cheantar."
Cuimsíonn na háiseanna nua seomraí cruinnithe, spásanna comhoibrithe agus nasc leathanbhanda ardluais. Tá siad suite i gcroílár Bhaile Ghib agus Rath Cairn, dhá phobal Gaeltachta i gContae na Mí.
Dúirt an tAire Stáit:
"Is samplaí iontacha an dá thionscadal seo den chaoi a bhfuil an Rialtas ag infheistiú i dtodhchaí na Gaeltachta. Tréaslaím le gach duine a bhí páirteach i mbunú na n-ionad seo, agus guím gach rath ar na daoine a bhainfidh úsáid astu sna blianta amach romhainn."
D'fháiltigh Dearbháil Ní Chualáin, Stiúthóir Fiontraíochta, Maoine agus Innealtóíreacta, Údarás na Gaeltachta, roimh oscailt na n-ionad nua, ag rá:
"Léiríonn oscailt na n-ionad gteic seo i mBaile Ghib agus i Rath Cairn tiomantas leanúnach Údarás na Gaeltachta d'fhorbairt inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta. Cuirfidh na hionaid seo borradh faoi nuálaíocht agus fiontraíocht sa cheantar, ag cothú glúin nua de ghnólachtaí agus d'fhiontraithe Gaeltachta."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Breis Eolais agus Grianghraif:
An Rannóg Margaíochta
Údarás na Gaeltachta
085-8335212 | eolas@udaras.ie