Fógraíonn an Taoiseach Tionscnamh chun Ár Lorg Coise Domhanda a Dhúbailt faoi 2025
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Taoiseach, Leo Varadkar, T.D., inniu (Dé Luain) go mbeartaíonn an Rialtas lorg coise domhanda na hÉireann a dhúbailt faoi 2025. Luaigh an Taoiseach é seo in óráid a rinne sé le Bricfeasta Gnó Fhiontraíocht Éireann in Toronto. Tá an tUasal Varadkar ar an dara lá de chuairt oifigiúil trí lá go Ceanada, áit a mbeidh sé ag casadh le réimse de cheannairí polaitiúla agus gnó.
Luaigh an Taoiseach, chomh maith, go bhfuil sé ar intinn aige cur leis an gcaidreamh láidir trádála idir Éirinn agus Ceanada, ina ndéantar trádáil breis agus €2.75 billiún sa bhliain cheana féin. Is iad príomhaidhmeanna Lorg Coise Domhanda na hÉireann 2025:
Ag labhairt inniu, dúirt an Taoiseach:
“Aithníodh Éire le fada an lá mar cheann de na geilleagair thrádála is oscailte ar domhan. Geilleagar an-iomaíoch atá dírithe ar easpórtáil é geilleagar na hÉireann, a tháinig as an ngéarchéim gheilleagrach gan stró a thit amach deich mbliana ó shin. Tá in Éirinn ceann de na geilleagair is tapúla fáis san Eoraip, agus tháinig fás 5.1% in 2016 ar olltáirgeacht intíre (OTI), agus táthar ag súil leis go dtiocfaidh fás 4.3% ar OTI i mbliana. Tá an dífhostaíocht laghdaithe anois anuas go dtí 6.45, leibhéil nár tugadh faoi deara ó bhí 2008 ann.
“Tá ag éirí go han-gheal lenár n-easpórtálacha. Bhain easpórtálacha cliaint Fhiontraíocht Éireann €21.6 billiún amach in 2016, ar méadú bliain ar bhliain breis agus 6% é sin. D’ainneoin ár n-iomaíochais láidir agus ár mborrtha bhríomhair gheilleagraigh, ní haon amhras go bhfuil na dúshláin pholaitiúla agus gheilleagracha is mó roimh Éirinn inniu a bhí roimpi le glúin anuas, mar thoradh ar Brexit. Caithfimid pleanáil chun cinn le huaillmhian anois.
“Tagann an CTGC, Comhaontú Trádála Geilleagrach Cuimsitheach Cheanada-an AE, i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón lá seo ar aghaidh an mhí seo chugainn. Bainfear breis agus 98% de na bacainní taraife atá roimh an trádáil idir Ceanada agus an AE, Éire ina measc. Cabhróidh seo le leas a bhaint as an gcumas ollmhór neamhshaothraithe chun trádáil agus infheistíocht níos mó a dhéanamh idir Éirinn agus Ceanada.
“Tá ag éirí le gnóthais Éireannacha cheana féin i gCeanada in earnálacha atá chomh fairsing le bogearraí fiontraíochta, ríomhfhoghlaim, teicneolaíochtaí miondíola, sláinte dhigiteach, faisean, agraibhia, teicneolaíocht an airgeadais agus táirgí réamhthógála. Bhí Infheistíocht Dhíreach ó Cheanada go hÉirinn buacach le blianta beaga anuas agus ag deireadh 2016, bhí 28 cuideachta Cheanadach ag Údarás Forbartha Tionscail na hÉireann ina phunann chliant, a fhostaíonn breis agus 3,100 duine in Éirinn.
“Beartaímid an infheistíocht isteach seo a fhás go mór sna blianta amach romhainn. Ní hamhras ar bith go dtabharfaidh cur i bhfeidhm an CTGC cabhair bhreise lenár n-iarrachtaí. Chun ár n-uaillmhianta a chomhlíonadh chun trádáil, turasóireacht agus infheistíocht a mhéadú sna blianta amach romhainn, teastaíonn uainn ár láithreacht idirnáisiúnta a mhéadú go mór.
“Beartaím lorg coise Fhoireann na hÉireann thar lear a dhúbailt faoi 2025. Ciallaíonn seo misin nua agus mhéadaithe taidhleoireachta chomh maith le hacmhainní atá méadaithe go mór dár n-infheistíocht, turasóireacht, gníomhaireachtaí cultúrtha agus bia thar lear.
“Tá an obair seo ar bun cheana féin. Ní ba luaithe an mhí seo, d’iarr mé ar mo chomhghleacaí, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney, chun tús a chur le breithniú a dhéanamh ar an méid a chiallaíonn seo dár misin taidhleoireachta, agus ní ba dhéanaí i mbliana, faomhfaidh an rialtas na mionsonraí faoin méid a bheidh i gceist le láithreacht na hÉireann thar lear in 2025.
“D’fhógair mo réamhtheachtaí mar Thaoiseach, John A. Costello, beagnach seachtó bliain ó shin ar chuairt go Ceanada go ndéanfaí Poblacht d’Éirinn go foirmiúil. Mhaígh Costello, cé gur tír bheag sinn, ‘imrímid tionchar sa domhan a sháraíonn go mór méid bheag fhisiciúil ár dtíre agus laghad ár ndaonra’. Ba náisiún mór sinn ina fhís i dtaobh ár ‘dúthracht d’idéal na síochána agus an chomhoibrithe chairdiúil idir náisiúin, atá bunaithe ar cheartas agus moráltacht idirnáisiúnta.
Inniu, san aonú haois is fiche - agus an iomaí dúshlán atá romhainn - tá ‘tasc agus a dualgas’ fiú níos mó orainn go n-éiríonn linn. Mar sin, tugaimis faoi.”