Foilsíonn an tAire Sláinte Stephen Donnelly comhairle NPHET maidir le deireadh a chur le srianta éigeantacha COVID-19 ón 28 Feabhra
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD an chomhairle a fuair sé ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Phoiblí (NPHET).
Moladh go bhféadfaí na bearta seo a leanas a bhaint le héifeacht ón 28 Feabhra:
Dúirt an tAire Donnelly:
“Leanann próifíl eipidéimeolaíoch reatha COVID-19 ar aghaidh ag cur dearcadh dearfach ar an iomlán ar fáil.
“Is príomhtháscaire í an chomhairle ó NPHET maidir le caitheamh masc éigeantach a bhaint go bhfuil muid ag bogadh ar aghaidh maidir lenár gcumas maireachtáil le COVID-19. Tá ár gcumas srianta a mhaolú mar gheall ar fhreagairt agus tacaíocht ó dhaoine ar fud na tíre agus ár gclár vacsaínithe rathúil.
“Fáiltím roimh na moltaí seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le baill NPHET as a saineolas, a dtiomantas agus a dtreoir le linn tréimhse deacra. Ní féidir róbhéim a leagan ar a rannchuidiú.”
Cé nach mbeidh sé éigeantach maisc a chaitheamh a thuilleadh i suíomhanna áirithe, mhol NPHET gur cheart maisc a chaitheamh fós i suíomhanna cúram sláinte, agus ar iompar poiblí nuair a bhíonn sé deacair achar fisiciúil a choinneáil agus nuair nach mbíonn an rogha acu siúd atá níos leochailí i leith iarmhairtí tromchúiseacha COVID-19 a sheachaint i gcónaí. Mhol sé freisin go leanfaí de shraitheanna cosanta sláinte poiblí eile, lena n-áirítear bearta sláinteachais, aeráil agus fanacht sa bhaile má tá siomptóim agat.