Ceapann an Rialtas Cathaoirligh nua ar Bhoird RTÉ agus TG4
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Dé Máirt, an 29 Samhain 2022), fuair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, cead an Rialtais chun cathaoirligh nua a cheapadh ar Bhoird RTÉ agus TG4. Rinne an Rialtas roinnt ceapachán eile ar an dá Bhord freisin.
Bord RTÉ
D’fhógair an tAire gur cheap an Rialtas, ar feadh téarmaí 5 bliana:
Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Tá RTÉ i gcroílár shaol na hÉireann – ag cur faisnéise, oideachais agus siamsaíochta ar fáil don phobal – agus déantar na ceapacháin seo ag am ina bhfuil deiseanna á gcur ar fáil agus athruithe á ndéanamh i meáin agus i dtírdhreach craolacháin na hÉireann. Cuirfidh Siún Ní Raghallaigh agus Aideen Howard eolas agus taithí leathan ar fáil do RTÉ a bheidh lárnach dá threo straitéiseach atá ag teacht chun cinn. Guím gach rath ar an mbeirt acu le linn a dtéarmaí agus gabhaim buíochas leo as glacadh leis na róil thábhachtacha seo.”
Rinneadh na ceapacháin tar éis gairm phoiblí ar iarratais ar undefined www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe a bhainistigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Bord TG4
D'fhógair an tAire freisin gur cheap an Rialtas cathaoirleach nua agus triúr comhaltaí nua ar Bhord TG4, chomh maith le triúr comhaltaí Boird reatha a athcheapadh don dara téarma.
Ar ainmniúchán an Aire, rinne an Rialtas:
Ag cur fáilte roimh na ceapacháin, dúirt an tAire:
“Tá ról lárnach i gcónaí ag TG4, ní hamháin in earnáil ár meán cumarsáide, ach freisin mar chuid de straitéis leanúnach an Rialtais chun úsáid na Gaeilge a mhéadú inár saol laethúil. Is í fís TG4 freastal níos fearr a dhéanamh ar ár bpobail Ghaeilge, lucht féachana níos óige a mhealladh, agus tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí cruthaitheacha áitiúla agus réigiúnacha chun ábhar ar ardchaighdeán a sholáthar. Cuirfidh ceapachán an lae inniu go mór leis an mBord agus é ag leanúint leis an misean agus leis an bhfís seo a sheachadadh.”
Roghnaíodh Anna Ní Ghallachair; Róisín Ní Raighne; agus Aedín O’Leary tar éis próiseas roghnúcháin iomaíoch a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar stateboards.ie. Mhol an Comhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do Phobal na Gaeilge go n-ainmneodh an tAire Martin Seán Ó Cuirreáin lena cheapadh ag an Rialtas ar Bhord TG4.
De réir alt 81 den Acht Craolacháin 2009, is é an Rialtas a dhéanann ceapacháin ar Bhord RTÉ agus TG4 ar ainmniúchán an Aire.
Tá 12 bhall ar gach Bord ar an iomlán, agus forálann an tAcht d’ainmnithe a roghnú ar an mbonn seo a leanas:
Ceapacháin ar Bhord RTÉ - Eolas Beathaisnéise
Cathaoirleach
Siún Ní Raghallaigh – Cathaoirleach TG4 agus Ball Boird ar scor le déanaí. Fuair Siún aitheantas mar cheannaire san earnáil chruthaitheach. Bhí sí ina Príomhfheidhmeannach ar Ardmore Studios agus Troy Studios go dtí 2020. D’oibrigh sí mar Stiúrthóir Bainistíochta le Tyrone Productions, agus mar Cheannaire Airgeadais le Tribune Newspaper Group. Bhunaigh sí a comhlacht teilifíse neamhspleách féin Ikandi Productions.
Ball
Aideen Howard - Stiúrthóir Ionad Cultúrtha Leanaí The Ark i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh sí san amharclannaíocht agus sna healaíona ar feadh breis is fiche bliain mar stiúrthóir ealaíne, léiritheoir agus coimisinéir saothair nua. Bhí Aideen ina Stiúrthóir Liteartha ar Amharclann na Mainistreach, ina Stiúrthóir bunaithe ar Mermaid Arts Centre agus d’oibrigh sí mar chomhairleoir liteartha do thionscadail na Comhairle Ealaíon. In 2014 bhí sí ina coimeádaí ar chlár filíochta Mountains to Sea Festival. Tá Aideen ina heagarthóir ar Irish Shorts: New Plays from The Abbey Theatre. Tá sí ina ball den Fheachtas Náisiúnta ar son na nEalaíon.
Ceapacháin agus Athcheapacháin Bhord TG4
Cathaoirleach
Anna Ní Ghallachair - athcheapadh ina Cathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta í in 2018, tagann deireadh lena téarma oifige ar an 15 Eanáir 2023. Iar-léachtóir teanga in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceannain; Stiúrthóir Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad (ar scor in 2021); ball de Choimisiún na Gaeltachta (2000 - 2002); d’fhóin sí ar roinnt coistí in Éirinn agus thar lear ag díriú ar theagasc agus ar chur chun cinn teangacha.
Baill
Róisín Ní Ráighne - Stiúrthóir Bainistíochta Dynamo Brand and Communications Agency i Meán Fómhair 2020.
Aedín O’Leary - Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách, Comhairleoir Infheistíochta agus Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais; iar-Chomhairleoir Cánach agus Comhairleoir Airgeadais Cáilithe; ina comhbhunaitheoir ar Líonra na Foirne Glasa, tionscnamh a cheapann réitigh chomhoibríocha do thionscal Cistí na hÉireann chun dul i ngleic leis an Athrú Aeráide.
Seán Ó Cuirreáin – d’fhóin sé ar feadh 10 mbliana (ó 2004); mar Leas-Cheannasaí Raidió na Gaeltachta agus bhí sé ina iriseoir; cheap Mícheál D. Ó hUiginn é ar an gComhairle Stáit (2018).
Siobhán Ni Ghadhra (athcheapachán) - POF/Léiritheoir Danú Media agus Léiritheoir Feidhmiúcháin Ros na Rún.
Mairéad Ní Nuadháin (athcheapachán) - cúlra i ndéanamh cinntí coimisiúnaithe agus eagarthóireachta; iar-Cheannasaí ar Chaidrimh Sheachtracha in RTÉ, Leas-Stiúrthóir na gClár Teilifíse in RTÉ. Ball de Choiste Iniúchta TG4.
Darach Ó Tuairisg (athcheapachán) - Stiúrthóir Bainistíochta Fíbín; Stiúrthóir An Taibhdhearc. Ball de Choiste Digiteach TG4 faoi láthair.