Fógraíonn an tAire Sláinte €2.25 milliún d’Ospís Leanaí LauraLynn, lena n-áirítear €1.5 milliún i maoiniú bliantúil athfhillteach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go soláthrófar €2.25 milliún d’Ospís Leanaí LauraLynn.
Cuimsíonn an maoiniú €2.25 milliún méadú €1.5 milliún ar chroí-mhaoiniú bliantúil Ospís Leanaí LauraLynn ó 2021 ar aghaidh agus leithdháileadh aonuaire €750,000 in 2020.
Ag labhairt dó tar éis cuairte ar LauraLynn inniu, dúirt an tAire Donnelly:
“Ba mhór an onóir dom bualadh leis an bhfoireann ag LauraLynn a bhfuil cúram dochreidte á sholáthar acu do leanaí atá an-tinn. Soláthraíonn Ospís Leanaí LauraLynn tacaíocht agus seirbhísí luachmhara ag am deacair agus uafásach do theaghlaigh. Ní amháin go soláthraíonn LauraLynn cúram sláinte den scoth do na leanaí seo, déanann an fhoireann an oiread sin sa bhreis lena chinntiú go bhfuil an caighdeán beatha is fearr acu agus go dtugann siad comhbhá agus tacaíocht do na tuismitheoirí, na siblíní agus na leanaí iad féin."
Dúirt sé:
“Ba phribhléid dom é maoiniú stáit a sholáthar don ospís den chéad uair riamh chun cur ar a gcumas leanúint leis an obair seo. Trí mhaoiniú bliain i ndiaidh bliana a ráthú is féidir leo tosú ag pleanáil don todhchaí chun níos mó tacaíochta agus seirbhísí a sholáthar do leanaí breoite agus dá dteaghlaigh."
Tacóidh an €1.5 milliún breise i gcroí-mhaoiniú le seachadadh seirbhísí cúraim mhaolaithigh ag ospís LauraLynn an bhliain seo chugainn lena n-áirítear cúram faoisimh agus deiridh saoil, cúram baile, tacaíocht teaghlaigh, rialú siomptóim d'othair chónaitheach, agus cúram méala. Beidh an maoiniú seo ar fáil ar bhonn bliantúil. Cinnfidh FSS na socruithe seachadta seirbhíse i bPlean Seirbhíse Náisiúnta 2021.
Tá soláthar €750,000 i maoiniú aonuaire mar chuid de leithdháileadh aonuaire níos leithne €10 milliún d’eagraíochtaí san earnáil dheonach cúraim mhaolaithigh atá le húsáid le haghaidh forbairtí a rinneadh nó a cuireadh tús leo in 2020. Tá an maoiniú seo mar aitheantas ar na cúinsí dúshlánacha a chruthaigh COVID-19. Is féidir é a úsáid le haghaidh feabhsúchán ar áitribh, áiseanna agus córais TFC, ardáin teile-shláinte agus teile-cógaisíochta, cláir oideachais agus oiliúna agus chun ioncam bailithe airgid a chailleadh mar thoradh díreach ar shrianta COVID-19 a fhritháireamh agus chun cur in aghaidh scaipeadh COVID-19.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Ba bhliain an-dúshlánach í seo do gach duine atá ag obair i gcúram sláinte agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'fhoireann agus lucht tacaíochta uile LauraLynn a d’oibrigh go dícheallach lena chinntiú go bhféadfaidís leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhísí do leanaí le linn na paindéime seo, i roinnt cásanna ag nuáil agus ag oiriúnú do sheirbhísí ar líne. Tá LauraLynn ar cheann de na samplaí is fearr den méid is féidir linn a dhéanamh sa tír seo agus muid ag obair le chéile."
CRÍOCH
In 2019, chuir LauraLynn breis agus 1,500 oíche leapa faoisimh agus bainistíochta siomptóim ar fáil do leanaí ó 24 chontae. Mar sholáthraí cúraim sláinte riachtanach, leanann LauraLynn ag soláthar seirbhísí ar fud gach leibhéal srianta, ag feidhmiú de réir threoirlínte sláinte poiblí.
Tá Teach LauraLynn fós oscailte, ar acmhainn laghdaithe mar gheall ar chaighdeáin um scaradh sóisialta. Tá cúram pearsanta á sholáthar acu in áras an teaghlaigh freisin.
I measc na seirbhísí reatha tá: