Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 15 Bealtaine 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 16 dhuine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,518* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Dé hAoine, an 15 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 129 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 23,956 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Céadaoin, an 13 Bealtaine (23,627 cás), an méid seo a leanas le fios:
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “D’fhógair an Rialtas ní ba luaithe inniu go gcuirfear tús le Céim 1 de Threoirphlean COVID-19 ó Dé Luain, an 18 Bealtaine ar aghaidh:
"De réir mar a laghdaímid srianta a cuireadh i bhfeidhm le roinnt seachtainí anuas, is ionann an chroítheachtaireacht go fóill, ‘fan sa bhaile’ sa chás gur féidir agus lean ar aghaidh leis an iompar sláinte poiblí a mholtar chun scaipeadh an víris a theorannú; níochán lámh, béasaíocht riospráide agus scaradh fisiciúil.
"Spreagaim gach duine a chuimhneamh a éasca is féidir an víreas seo a scaipeadh agus a thapúla a d’fhéadfaimis baint den dul chun cinn ar oibrigh an tír chomh dian sin lena bhaint amach."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis:
"Tá an iarracht tugtha faoi deara a rinne an tsochaí iomlán chun stop a chur le scaipeadh an víris seo i rith tréimhse ama an-ghearr. B’ábhar dóchais an comhghníomh sin a thabhairt faoi deara ar fud an Rialtais, ár seirbhísí sláinte, cúraim shóisialta agus éigeandála, an Gharda Síochána agus na bhFórsaí Cosanta, gnólachtaí agus na hearnála neamhbhrabúis, na meán agus an phobail i gcoitinne."
Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS:
"Bhí an tréimhse roinnt seachtainí anuas an-dian orthu siúd a raibh cocúnú á dhéanamh acu ón teaghlach, ó chairde agus ón tsochaí. Tá súil agam go dtabharfaidh bearta nua an lae inniu roinnt faoisimh don ghrúpa seo agus tá súil agam gurb eol dóibh go bhfuilimid mar shochaí ag tacú leo pé áit ar féidir, trí ghlacadh le hiompar sábháilte - scaradh fisiciúil, sláinteachas lámh agus béasaíocht riospráide."
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 4 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,518 bás.