Ráiteas meán na Roinne Sláinte maidir le Ganntanais Cógas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba mhaith leis an Roinn Sláinte a chinntiú don phobal lena mbaineann ganntanas cógas go bhfuil go leor roghanna malartacha ar fáil chun leanúnachas an chúraim a chinntiú.
Maidir leis na míochainí éagsúla a úsáidtear go coitianta atá liostaithe i gclúdach preasa an lae inniu a cuireadh in iúl don Údarás Rialála Táirgí Sláinte (ÚRTS), áit a bhfuil aon chur isteach ar a ngnáthsholáthar brandáilte, is féidir leanúnachas cóireála a áirithiú trí úsáid a bhaint as táirgí malartacha.
D’fhéadfadh sé nach mbeadh brandaí nó láidreachtaí cógais aonair ar fáil go sealadach, ach i gcás fhormhór mór na gcógas tá ionadaithe cuí ar nós láidreachtaí éagsúla, brandaí nó aicmí leigheasanna comhchosúla.
Tá sé mar aidhm ag an gCreat Ganntanais Cógas, arna oibriú ag an ÚRTS thar ceann na Roinne Sláinte, tionchar na nganntanas cógas a chosc, nuair is féidir, agus a mhaolú trí dhlúthchomhar leis an Roinn, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), lucht tionscail agus gairmithe cúraim sláinte.
Cuireann FSS leanúnachas soláthair san áireamh agus cinntí á ndéanamh maidir le praghsáil, agus praghas liostaithe na gcógas nua socraithe ag an meánphraghas a íocann 14 stát Eorpacha. Is féidir le soláthraithe a mheasann nach bhfuil sé eacnamaíoch leanúint ar aghaidh ag soláthar cógais faoi Chreat-Chomhaontuithe reatha iarratas a dhéanamh chuig FSS le haghaidh méadú praghais. Faoi láthair, tá 36 cógas faoi réir iarratais ar mhéadú praghais, níos lú ná 0.01% de na míreanna uile a aisíoctar.
Thug éigeandálaí sláinte poiblí agus cásanna geopholaitiúla idirnáisiúnta chun suntais go leor dúshlán domhanda maidir le soláthar cógas leighis a áirithiú. Is fadhb dhomhanda sláinte í, nach fadhb í atá uathúil d’Éirinn, agus tá méadú tagtha ar an éileamh ar chógais agus ar ghanntanais cógas sa Ríocht Aontaithe, ar fud an Aontais Eorpaigh agus ar fud an domhain le roinnt míonna anuas. Is fadhb dhomhanda sláinte í, nach fadhb í atá uathúil d’Éirinn, agus tá méadú tagtha ar an éileamh ar chógais agus ar ghanntanais cógas sa Ríocht Aontaithe, ar fud an Aontais Eorpaigh agus ar fud an domhain le roinnt míonna anuas. Tá roinnt clár oibre ann ar an leibhéal Eorpach, ina bhfuil Éire rannpháirteach go mór, atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar ghanntanais agus iad a chosc.
In Éirinn, bunaithe ar anailís ar na sonraí a thuairiscigh an tionscal cógaisíochta don Údarás Rialála Táirgí Sláinte (ÚRTA) thar roinnt blianta, is iad moilleanna déantúsaíochta is cúis le formhór (> 50%) na nganntanas, rud a chuireann leis an méid a fheictear ar fud an AE, áit a bhfuarthas amach go raibh saincheisteanna cáilíochta agus monaraíochta ina gcúis le 51% de ghanntanais.
Tugadh isteach in 2013 ionadú agus praghsáil tagartha do ghrúpaí táirgí íocshláinte idirmhalartaithe. Tugann sé sin údarás do chógaiseoir táirge ainmnithe a athrú go leagan cineálach inmhalartaithe, ar choinníoll go bhfuil sé oiriúnach go teiripeach. D’fhéadfadh an iliomad foirmeacha agus láidreachtaí cógaisíochta a bheith ar fáil i gcógas áirithe atá ar fáil ó fhoinse amháin. I gcás ina bhfuil ganntanas láidreacht ar leith ann, is féidir láidreachtaí eile atá ar fáil a úsáid chun dáileog a dhéanamh suas ar feadh thréimhse an ghanntanais ghearrthéarmaigh i gcás nach bhfuil aon rogha mhalartach teiripeach oiriúnach ar fáil.
Agus cinntí á ndéanamh maidir le praghsáil cógas, cuireann FSS praghsáil i mBallstáit eile san áireamh chomh maith le leanúnachas an tsoláthair. Tá praghas liostaithe na gcógas nua in Éirinn socraithe ag an meánphraghas a íocann 14 Stát Eorpacha (an Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Spáinn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe).
Cinntear é faoi na Creat-Chomhaontuithe maidir le Praghsáil agus Soláthar Leigheasra 2021-2025 (FASPM), comhaontuithe ilbhliantúla le monaróirí leigheasra tionscnóra agus cógas cineálach. Praghsanna cineálacha, bithshamhlacha agus hibridí ag laghdú céatadáin (45-60%) ar na meánphraghsanna ar chógais nua atá ar phaitinn.
Faoi na Creat-Chomhaontuithe atá ann faoi láthair nuair a thagann sé chun bheith neamheacnamaíoch do Sholáthraí cógas ar leith a sholáthar faoi théarmaí na gComhaontuithe, féadfaidh an Soláthraí aighneachtaí a threorú chuig FSS chun aon téarma den Chomhaontú a athrú, i ndáil leis an gcógas sin, lena n-áirítear a théarmaí praghais ar mhaithe le leanúnachas an tsoláthair. Go ginearálta, tá líon an-íseal iarratas á bhreithniú ag FSS ag am ar bith, agus 36 iarratas ó Mheitheamh 2023 ar aghaidh.